Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Global Horizons: An Taidhleoireacht á cur ar aghaidh chuig an gCéad Ghlúin eile

Forbraíodh an tionscnamh Global Horizons in 2015 d'fhonn mic léinn agus daltaí Éireannacha a spreagadh chun spéis a chur i ngnóthaí idirnáisiúnta agus san obair a dhéanann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i dtaobh leasanna agus luachanna na hÉireann a chur chun cinn ar fud na cruinne. Tá sé ar an gcéad chlár dá leithéid i Roinn Rialtais ar bith, agus tá sé dírithe ar mhic léinn ar an dara agus an tríú leibhéal, chomh maith le céimithe óga, trí mheán trí shnáithe ar leithligh: Scoláirí Uíbh Eachach, Taidhleoirí sa Seomra Ranga, agus Ionadaíocht a Dhéanamh ar Éirinn Thar Lear.

Annual Report 2015 Iveagh Scholars

Faoin gclár Scoláirí Uíbh Eachach, tugadh cuireadh do dhaltaí na hIdirbhliana ó gach cearn d'Éirinn teacht chun na Roinne chun a bheith páirteach san uile ghné den obair a dhéanaimid. Rinne na daltaí iarratas ar a bheith páirteach sa chlár trí aiste nó físeán a chur isteach faoin téama 'Luachanna na hÉireann', agus roghnaíodh an tríocha iarratas ab fhearr. Le linn na seachtaine sin, tugadh an deis do na daltaí a bheith páirteach i gcaibidlíocht de chuid na Náisiún Aontaithe agus an AE trí chleachtaí aithrise, páirt a ghlacadh i gcleachtaí chun gnólachtaí na hÉireann a chur chun cinn thar lear, agus taisteal go Béal Feirste chun foghlaim faoi ról na Roinne sa phróiseas síochána. Ina theannta sin, phlé na rannpháirtithe an tábhacht a bhaineann le cearta an duine agus leis an bhforbairt idirnáisiúnta ó thaobh bheartas eachtrach na hÉireann, agus bhí an deis acu bualadh leis an Aire Flanagan agus plé a dhéanamh faoin bhfís atá acu i leith na hÉireann agus ionad na hÉireann ar domhan.

"Is iontach an rud é gur thug an Roinn cuireadh isteach do dhaoine óga agus gur lig sí dóibh gabháil don chlár seo. Murach é, is dócha nach mbeinn tar éis smaoineamh ar ghairm thaidhleora. Is iomaí deis nua atá le tapú agam anois dá bharr."

Kate Hall, Scoláire Uíbh Eachach 2015

Faoin snáithe Taidhleoirí sa Seomra Ranga, chuir daoine a ceapadh ina dTríú Rúnaithe le déanaí – a tháinig chuig an Roinn i gcáil taidhleoirí sóisearacha – ceardlanna ar bun i meánscoileanna ar fud na hÉireann chun daltaí a spreagadh ionas go smaoineoidís ar ghairm bheatha sa Roinn amach anseo. Reáchtáladh ceardlanna ag 12 scoil éagsúla, agus i measc na n-imeachtaí bhí láithreoireachtaí idirghníomhacha, tráth na gceist, díospóireachtaí agus cleachtaí consalachta, lenar léiríodh raon leathan ár gcuid oibre ar fud an domhain. Trí eolas agus taithí phearsanta a chur i láthair i dtaobh a gcuid oibre sa Roinn, chuir ár mbaill foirne leis an bhfeasacht ar ár dtosaíochtaí oibre, agus spreagadh na daltaí chun smaoineamh ar ghairm bheatha ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn thar lear.

Ar an gcaoi chéanna, faoin gclár Ionadaíocht a Dhéanamh ar Éirinn Thar Lear, bhíomar ag obair le mic léinn tríú leibhéal chun deiseanna fostaíochta agus intéirneachta a chur chun cinn, sa bhaile agus thar lear, do chéimithe nua. D'oibrigh an fhoireann i ndlúthpháirt le hOifigigh Ghairmeacha in institiúidí tríú leibhéal éagsúla, mar aon leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, lena chinntiú go raibh an sprioclucht éisteachta ar an eolas faoi na deiseanna iomadúla a d'fhéadfaidís a thapú.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gclár Global Horizons, nó chun páirt a ghlacadh in imeachtaí na bliana seo chugainn, téigh go dtí https://www.dfa.ie/ie/maidir-linne/global-horizons/