Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Eanáir: Seoladh 'An tOileán Domhanda', Athbhreithniú ar Bheartas Eachtrach na hÉireann

I mí Eanáir 2015, sheol an Taoiseach, Enda Kenny T.D., agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan T.D., athbhreithniú ar bheartas eachtrach na hÉireann dar teideal 'An tOileán Domhanda: Beartas Eachtrach na hÉireann maidir le Domhan atá ag Athrú'.

The Global Island: Ireland's Foreign Policy Review

Is é 'An tOileán Domhanda' an chéad ráiteas suntasach le beagnach fiche bliain anuas ar straitéis na hÉireann i dtaobh an bheartais eachtraigh. Fís atá ann i gcomhair rannpháirtíocht na hÉireann leis an domhan, agus ráiteas faoinár gcuid luachanna inár gcáil mar Stát agus mar phobal. Is práinní anois ná riamh é beartas eachtrach a bheith againn atá cuntasach, sofhreagrach agus idirnasctha, anois nuair atá dúshláin dhomhanda nua le sárú againn i ndomhan atá ag athrú go tréan.

Agus 'An tOileán Domhanda' á ullmhú aici, chuaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mbun comhairle fhorleathan leis an Rialtas agus leis an tsochaí shibhialta. Iarradh orthu siúd a ndeachthas i gcomhairle leo conas is féidir linn an tsíocháin, an tslándáil agus an rathúnas geilleagrach a choinneáil slán, agus an t-athmhuintearas agus an comhar á gcur chun cinn againn sa bhaile agus leasanna ár gcuid saoránach á gcosaint againn.

Seoladh 'An tOileán Domhanda' le linn comhdháil trí lá a tionóladh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ar ar fhreastail baill foirne na Roinne sa tír seo agus thar lear, Airí Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit, comhlachtaí poiblí agus ionadaithe de chuid comhlachtaí poiblí, gnólachtaí Éireannacha, agus earnáil an oideachais agus na hearnála cruthaithí, chun plé a dhéanamh ar na dúshláin a bhfuil trácht orthu sa cháipéis sin. Ós rud é gur thuig an Roinn nach mór go mbeadh sé i gcroílár ár mbeartais eachtraigh luachanna agus leasanna na hÉireann a chur chun cinn, d'eagraigh sí an chomhdháil sin chun scrúdú a dhéanamh ar conas ab fhearr a d'fhéadfadh ionadaithe Fhoireann na hÉireann ar fud an domhain tosaíochtaí agus cuspóirí an Rialtais a chomhlíonadh.

Tá 'An tOileán Domhanda' ina chreat ag beartas eachtrach na hÉireann faoi chúig cheannteideal thábhachtacha:

(i) Faoin téama Muintir na hÉireann, déanaimid measúnú ar an obair atá ar bun chun athmhuintearas agus comhar a bhaint amach ar oileán na hÉireann; ar sholáthar seirbhísí do shaoránaigh Éireannacha atá ag taisteal, ag cur fúthu agus ag obair thar lear; ar ár gcuid rannpháirtíochta níos mó le diaspóra na hÉireann; agus ar an gcur chun cinn a dhéanaimid ar chultúr na hÉireann thar lear.

(ii) Faoi Ár gCuid Luachanna, leagtar amach tacaíocht na hÉireann do dhomhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe trí bhíthin ár gcláir forbartha, ár mbeartas um chearta an duine, ár mbeartas i leith na síochánaíochta, na dí-armála agus na slándála, agus muid a bheith ag dul níos mó i ngleic le saincheisteanna domhanda, lena n-áirítear an t-athrú aeráide. Déantar ról an Aontais Eorpaigh agus na Náisiún Aontaithe a mheas freisin maidir le guth na hÉireann a neartú agus a tionchar a leathnú.

(iii) Faoi Ár Rathúnas, déantar measúnú ar an gcúlra geilleagrach domhanda is bonn leis na hiarrachtaí atá ar bun againn tacú le téarnamh, fás agus cruthú post, go mór mór tríd an trádáil, an turasóireacht, an oideachas agus an infheistíocht agus trí chlú na hÉireann a fheabhsú.

(iv) Faoi Ár nIonad san Eoraip, déantar measúnú ar an tábhacht bhunúsach d'Éirinn a ghabhann lenár mballraíocht san AE agus ar an gcaoi ina dtéann an Rialtas i mbun rannpháirtíochta thar chlár leathan chinnteoireacht an AE chun leasanna na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn agus chun múnlú a dhéanamh ar an AE agus ar a chuid rannpháirtíochta sa domhan.

(v) Faoi Ár dTionchar, déantar measúnú ar conas is féidir leis an Rialtas an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní a bhfuil fáil orthu d’fhonn an tairbhe is mó is féidir a bhaint amach do mhuintir na hÉireann ónár gcuid rannpháirtíochta idirnáisiúnta.

Tá tuilleadh eolais ar sheoladh 'An tOileán Domhanda', lena n-áirítear cóip den tuarascáil féin, le léamh ag https://www.dfa.ie/ie/ar-rol-ar-mbeartais/ar-gcuid-oibre/casestudiesarchive/2015/jan/an-toilean-domhanda/