Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Imirce san Eoraip

In 2015, tháinig breis is 1 mhilliún duine ag lorg dídine san Aontas Eorpach trí theacht thar muir chuig an Iodáil agus an Ghréig. Meastar go bhfuair 4,000 duine díobh bás sa Mheánmhuir ar an aistear. Tá 60 milliún duine curtha óna gcuid áiteanna cónaithe ar fud an domhain de bharr coinbhleachta nó cúinsí bainteacha, an leibhéal is airde ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda. Tá formhór mór na ndaoine sin i dtíortha amhail an Tuirc, an Phacastáin, an Aetóip, an Chéinia, an Liobáin agus an Iordáin, tíortha atá ag streachailt chun seirbhísí bunúsacha a sholáthar do líon daoine atá ag dul i méid.

Migration Crisis

Ón gcéad lá riamh, gheall Éire cabhrú le dul i ngleic leis an ngéarchéim sin. Thairgeamar glacadh le suas le 4,000 dídeanaí faoi chláir Athlonnaithe de chuid an AE, agus bhí sé sin de bhreis ar na gealltanais a bhí tugtha againn cheana faoi chláir de chuid na Náisiún Aontaithe. Thosaigh na daoine sin ag teacht go hÉirinn in 2015. Ina theannta sin, bhunaigh Éire a Clár um Chosaint Dídeanaithe, a bhfuil ionadaíocht ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála air, chun cuidiú le dídeanaithe socrú síos ina n-áit chónaithe nua.

In 2015, chuir Éire trí shoitheach de chuid Chabhlach na hÉireann – L.É. Eithne, L.É. Niamh agus L.É. Samuel Beckett – chun farraige le páirt a ghlacadh i misean tarrthála imirceach sa Mheánmhuir. Thug soithí de chuid Chabhlach na hÉireann beagnach 8,600 duine slán ón bhfarraige in 2015. Thug ár gcuid Ambasáidí sa réigiún Meánmhuirí tacaíocht lóistíochta don tSeirbhís Cabhlaigh agus iad i mbun misin Chuardaigh agus Tarrthála.

Tríd an Tionscnamh Mearfhreagartha de chuid Chúnamh Éireann, chuireamar cúigear ball dár gCór Mearfhreagartha chuig an Meánoirthear agus na Balcáin chun tacú lenár gcomhpháirtithe sna Náisiúin Aontaithe i dtaobh na freagartha daonnúla sna limistéir sin. Ina theannta sin, sheol Éire naoi dtonna pluideanna lena ndáileadh ar dhídeanaithe sa tSeirbia i mí na Nollag 2015. Thugamar tacaíocht freisin don obair a dhéanann eagraíocht neamhrialtasach is comhpháirtí dár gcuid, World Vision, sa tSeirbia agus don obair a dhéanann an Coiste Idirnáisiúnta Tarrthála sna Balcáin.

Is i leith ghéarchéim na Siria a thug Éire an fhreagairt dhaonnúil aonair ba mhó a bhain leis an imirce in 2015. Faoi dheireadh na bliana, bhí níos mó ná 260,000 duine maraithe agus bhí cúnamh daonnúil de dhíth ar thimpeall is 13.5 milliún de mhuintir na Siria.

Gheall Éire €12 mhilliún a thabhairt chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa tSiria agus sa deireadh thug sí breis is €13.7 milliún san iomlán le linn na bliana. Faoi dheireadh na bliana sin, bhí níos mó ná €42 milliún de chúnamh daonnúil tugtha againn chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa tSiria ó 2012. Leis an gcistiú ó Éirinn, tugadh tacaíocht éigeandála do dhaoine sa tSiria, go háirithe i gceantair atá faoi léigear nó nach furasta dul chucu, agus do dhaoine a theith chuig tíortha comharsanachta, go háirithe an Liobáin agus an Iordáin.

Trínár gcuid rannpháirtíochta ar leibhéal an AE, gheall Éire freisin i mí na Samhna 2015 €22 milliún a thabhairt chun tacú leis an tSaoráid Eorpach um Dhídeanaithe sa Tuirc, agus €3 mhilliún a thabhairt don Chiste Iontaobhais Éigeandála i gcomhair na hAfraice.