Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Buanionadaíocht na hÉireann sa Bhruiséil

Is é Buanionadaíocht na hÉireann chuig an AE an misean thar lear is mó atá faoi chúram na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Tá breis is 80 ball foirne inti ó bheagnach gach ceann de Ranna Rialtais na hÉireann. Bíonn foireann na Buanionadaíochta ag faire amach i gcomhair leasanna na hÉireann, agus téann sí i mbun caibidlíocht chasta agus comhairliúcháin maidir le reachtaíocht an AE a athrú nó a leathnú. Mar chuid den obair sin, bíonn an-chuid plé ar bun leis na Ballstáit, an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa, agus a lán eagraíochtaí eile.

Bliain dhúshlánach ab ea 2015 sa Bhruiséil ar leibhéil éagsúla. I measc na ndeacrachtaí bhí géarchéim fhioscach na Gréige, an ollimirce agus teacht dídeanaithe chun na hEorpa, an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta agus an choinbhleacht atá fós ar bun sa tSiria. Chuir siad sin agus deacrachtaí eile dúshlán an AE i dtaobh sheasmhacht a limistéir inmheánaigh saorghluaiseachta, agus i dtaobh airgeadra an euro. Ina dteannta sin, chuaigh an Ríocht Aontaithe – an comhpháirtí trádála is gaire d'Éirinn – i mbun cainteanna leis an AE ag teannadh le deireadh na bliana 2015 faoi théarmaí a reifrinn i ndáil le cibé acu an bhfanfadh sí san Aontas nó imeacht as.

Sonraí faoin mBruiséil 2015

12: Cruinnithe de na Ceannairí AE, ar chruinnithe éigeandála iad seacht gcinn acu.

20: Cruinnithe de chuid airí airgeadais an Ghrúpa Euro, ar chruinnithe breise iad naoi gcinn acu a tionóladh chun déileáil leis an nGréig agus limistéar an euro.

11: Cruinnithe na nAirí Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB), ar chruinnithe éigeandála iad sé cinn acu.

Chinntigh an Bhuanionadaíocht gur cuireadh i láthair go soiléir seasamh na hÉireann i leith na saincheisteanna sin go léir. Ina theannta sin, bhí foireann na Buanionadaíochta ag obair lena áirithiú go mbeadh an AE láidir, cobhsaí agus slán, agus go mbeadh airgeadra an euro stuama. Tá an dá riocht sin riachtanach ionas go leanfaidh an rath atá ar Éirinn. Áiríodh leis an obair sin:

  • Páirt a ghlacadh i gcainteanna ilpháirtí chun tacaíocht leanúnach airgeadais a chinntiú don Ghréig, lenar comhlíonadh an cuspóir dár gcuid i dtaobh shláine an airgeadra chomhchoitinn a threisiú agus an chobhsaíocht a chur i réim arís.
  • A dheimhniú go gcuirfeadh Éire fáilte roimh 4,000 dídeanaí imirceach mar chuid dár bhfreagra daonnúil ar ghéarchéim na himirce, agus daoine oilte a chur ar fáil chun cuidiú le stáit a raibh ualach ró-throm orthu i ndáil leis an bpróiseas iarratais a láimhseáil.
  • Ó thaobh cearta tomhaltóirí, tacú go láidir leis an tionscnamh Roam Like Home faoina gcuirfear deireadh le táillí fánaíochta a ghearrtar ar fhóin phóca laistigh den AE faoi lár na bliana 2017 agus a chuideoidh Margadh Digiteach Aonair lán-chomhtháite a bhaint amach san Eoraip.
  • Comhaontú a bhaint amach faoi chlár ama chun cur le húsáid na Gaeilge san AE. Faoin socrú sin, bainfear leas níos mó as an nGaeilge agus beidh éileamh níos mó ar aistritheoirí cáilithe Gaeilge.