Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Méadú an AE agus na Balcáin Thiar – 2015

EU Enlargement

Pléann Rannóg na hEorpa sa Roinn le ceist Mhéadú an AE agus is uirthi atá an phríomhfhreagracht i dtaobh na mBalcán Thiar agus na Tuirce.

Tá athruithe móra tagtha ar an réigiún sin ó ré chogaí na mBalcán sna 1990í. Tá cuid de sin ar a laghad a bhuí leis an obair atá ar bun ag na cúig thír is iarrthóir ar bhallraíocht san AE i leith ullmhú don bhallraíocht sin. Tá an tSeirbia agus Montainéagró, mar aon leis an Tuirc, an Albáin, agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine ina dtíortha is iarrthóirí. Tá an Chosaiv agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ina n-iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht san AE.

D'oibrigh Rannóg na hEorpa i ndlúthpháirt le Buanionadaíocht na hÉireann sa Bhruiséil agus lenár nAmbasáidí sa réigiún ar feadh 2015. Mar chuid den obair sin, rinneadh monatóireacht agus measúnú ar an dul chun cinn a bhí déanta ag na tíortha is iarrthóirí agus iad ag triail bunluachanna Eorpacha, lena n-áirítear cearta an duine agus saoirsí bunúsacha eile, a leabú sa tsochaí.

Ina theannta sin, tá na tíortha is iarrthóirí ag triail feabhas a chur ar a gcuid creataí geilleagracha chun cabhrú lena gcuid forbartha agus a rathúnas náisiúnta sa todhchaí. Leagtar síos i bpróiseas an mhéadaithe dianchaighdeáin ina leith sin ar fud raon réimsí idir chearta an duine agus iascaigh go dtí an tsochaí faisnéise. Cuireann Éire ár dtuairimí in iúl agus cinntíonn sí go gcomhlíonfar na tagarmharcanna agus na critéir trí mheán ár rannpháirtíochta i ngrúpaí oibre ar leibhéal na n-oifigeach agus ar Chomhairlí Airí.

Thacaigh Éire go láidir i gcónaí le próiseas méadaithe an AE. Chomh maith lenár gcuid oibre le comhpháirtithe Eorpacha dár gcuid, thugamar cúnamh do thíortha is iarrthóirí ar bhonn díreach freisin le linn 2015. I measc na dtionscnamh, rinneamar féin agus an Foras Riaracháin saineolas Éireannach i ndáil le beartas poiblí agus bainistíocht athruithe a chomhroinnt leis an tSeirbia agus le Montainéagró, dhá thír a bhfuil cuid mhaith den bhóthar curtha díobh acu i dtreo na ballraíochta san Aontas Eorpach.

Ag obair dúinn i bpáirt le Ranna eile de Rialtas na hÉireann, d'éascaíomar do chuairteanna a thug toscaireachtaí eile ó na Balcáin Thiar ar an tír seo, cuairteanna a chuidigh leo tuilleadh eolais a chur ar ábhair ar nós struchtúir na seirbhíse poiblí in Éirinn, Clár Athnuachana Státseirbhís na hÉireann agus an réimse beart atá i bhfeidhm chun téarnamh geilleagrach na hÉireann a chur chun cinn. Chuir na cuairteanna sin ar ár gcumas dúinne freisin foghlaim faoi dhearcadh na dtíortha sin ar an dul chun cinn i dtreo ballraíochta san AE amach anseo.

Chomh maith lenár dtionchar a imirt ar an bplé faoin dul chun cinn i dtreo an Mhéadaithe, rinneamar dianmhonatóireacht ar chúrsaí polaitiúla agus geilleagracha i dtíortha na mBalcán Thiar agus sa Tuirc. Trí líonra ár nAmbasáidí, chothaíomar caidreamh déthaobhach na hÉireann le gach ceann de na tíortha sa réigiún tábhachtach sin. Ar Lá Fhéile Pádraig 2015, rinneadh oscailt oifigiúil ar ár nAmbasáid i Ságrab na Cróite, an Ballstát is nuaí de chuid an Aontais Eorpaigh.