Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Éire agus Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an AE in 2015

European Union flag

D'fhreastail an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan T.D. ar chruinnithe míosúla rialta de Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an AE lena chomhghleacaithe san AE i rith 2015, agus rinne sé ionadaíocht ar sheasamh na hÉireann ar shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta.

Bhí cláir oibre na gcruinnithe sin fairsing, agus clúdaíodh saincheisteanna cosúil le freagairt chomhchoiteann an AE ar an méid a bhí ag tarlú san Úcráin, Próiseas Síochána an Mheánoirthir, an méid a bhí ag tarlú i dtuaisceart na hIaráice agus sa tSiria (lena n-áirítear teacht chun cinn ISIS) agus an éagobhsaíocht sa Libia.

Bhí ceisteanna imirce go mór i réim i rith na tréimhse freisin, agus bheartaigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha misean cabhlaigh de chuid an AE, EUNAVFOR MED, a sheoladh, a fhéachfaidh le cur isteach ar ghníomhaíochtaí na smuigléirí daoine agus na ngáinneálaithe a bhfuil daoine leochaileacha á ndúshaothrú acu ar mhaithe le brabús agus atá ag cur beatha daoine i mbaol. Chuir Éire chun bealaigh trí shoitheach de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh – L.É. Eithne, L.É. Niamh agus L.É. Samuel Beckett – ar oibríocht cuardaigh agus tarrthála ar leith sa Mheánmhuir, faoi stiúir na hIodáile, idir Bealtaine agus Samhain 2015.

Thairis sin, ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha le Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas i mí Iúil 2015. Tá sé ina aidhm leis an bPlean cur le héifeachtúlacht agus comhsheasmhacht ghníomhaíocht an AE ar chur chun cinn agus cosaint chearta an duine ina chuid beartais sheachtraigh. Le linn na caibidlíochta i dtaobh an Phlean, d'éirigh le hÉirinn ina héileamh go gcuimseofaí ann forálacha substainteacha ar chur chun cinn saoirse reiligiúin nó saoirse creidimh, spás na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine.

I gcomhthéacs an róil atá ag an AE mar sholáthraí slándála idirnáisiúnta chun tacú leis na Náisiúin Aontaithe, rinneadh athbhreithniú leanúnach freisin ar mhisin faoi stiúir an AE i ndáil le síochánaíocht, tacaíocht don tsíocháin, agus coinbhleachtaí a chosc – idir mhisin shibhialta agus chinn mhíleata – ar fud na hEorpa, na hÁise, na hAfraice agus an Mheánoirthir, agus ar chumas an AE sa réimse sin. In 2015, chuir Éire 15 shaineolaí shibhialta chuig misin den sórt sin faoi stiúir an AE.