Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Reifreann na Ríochta Aontaithe ar an AE: Ceisteanna Coitianta faoi Shaoránacht agus Pasanna

Cén seasamh atá ag saoránaigh Éireannacha sa Ríocht Aontaithe anois?

I gcás na saoránach Éireannach a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe, tá siad ina gcónaí go dlíthiúil ansin. Tá feidhm fós ag na rialacha lena rialaítear cearta cónaithe shaoránaigh na hÉireann sa Ríocht Aontaithe faoi láthair.

Cinnfear na mionsonraí i dtaobh imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach thar thréimhse chaibidlíochta is dócha a ghlacfaidh ar a laghad 2 bhliain. Is maith mar is eol dúinn an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbeidh seasamh ar leith ag na hÉireannaigh sa Bhreatain fós agus beimid ag obair i ndlúthpháirt lenár gcomhghleacaithe sa Ríocht Aontaithe, lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach agus le daoine eile ar mhaithe le leasanna mhuintir na hÉireann atá ina gcónaí sa Bhreatain.

Cé chomh mór atá an pobal Éireannach sa Bhreatain?

De réir Dhaonáireamh na bliana 2011 do Shasana agus don Bhreatain Bheag agus Dhaonáireamh na bliana 2011 d'Albain, tá 430,000 duine a rugadh in Éirinn ina gcónaí sa Bhreatain (407,000 duine i Sasana agus sa Bhreatain Bheag; 23,000 duine in Albain). Tá meastacháin éagsúla déanta ar líon na nÉireannach den dara glúin nó de ghlúine ina dhiaidh atá sa Bhreatain, ach is de bhunadh na hÉireann atá duine as gach ceathrar sa Bhreatain.

Sonraí ó fhigiúirí oifigiúla as daonáirimh na Ríochta Aontaithe agus na hAlban

Cén seasamh atá anois ag saoránaigh na Ríochta Aontaithe a bhfuil cónaí orthu in Éirinn?

Tá feidhm fós ag na rialacha lena rialaítear cearta cónaithe shaoránaigh na Ríochta Aontaithe in Éirinn. Is féidir tuilleadh eolais a léamh ag Citizensinformation.ie

An bhfuil víosaí ag teastáil anois chun taisteal idir Éire agus an Ríocht Aontaithe?

Níl.

An mbeidh tionchar ag an toradh ar dhaoine atá i mbun oibre nó i mbun staidéir sa Ríocht Aontaithe?

Tógfaidh sé roinnt mhaith ama (ar a laghad dhá bhliain, meastar) ar an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil, agus beidh a lán caibidlíochta i gceist. I rith an ama sin, beidh an Ríocht Aontaithe fós ina ballstát agus ní thiocfaidh athrú ar bith ar an tsaoirse taistil oibre atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh faoi láthair idir Éire agus an Ríocht Aontaithe. Déanfar gach iarracht a chinntiú go ndéanfar a laghad athrú is féidir ar na socruithe sin, agus cuirfear daoine ar an eolas maidir le hathrú ar bith a dhéanfar amach anseo.

Rugadh mé sa Ríocht Aontaithe agus is de bhunadh na hÉireann mé. An bhfuilim i dteideal saoránacht/pas Éireannach?

Braitheann sé. Má rugadh ceachtar de do thuismitheoirí in Éirinn, is saoránach Éireannach thú agus tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach faoi dhlí na hÉireann, cibé cén áit a bhfuil cónaí ort.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach freisin más rud go raibh duine de do thuismitheoirí ina shaoránach nó ina saoránach Éireannach nuair a rugadh thú, cé nach in Éirinn a rugadh é nó í. I bhformhór na gcásanna déantar iarratais den chineál sin ar bhonn seantuismitheora a rugadh in Éirinn. D'fhéadfá a bheith incháilithe don phas Éireannach freisin má fuair duine de do thuismitheoirí saoránacht Éireannach trí Eadóirseacht nó trí Chlárú Breithe Coigríche sular rugadh thú. Sna cásanna sin, is féidir saoránacht Éireannach a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile ós rud é go raibh an tuismitheoir ina shaoránach nó ina saoránach Éireannach nuair a rugadh an t-iarratasóir. Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar Chlár na mBreitheanna Coigríche.

An mbeidh éileamh níos mó ar phasanna Éireannacha ina measc siúd a bhfuil pas na Ríochta Aontaithe acu agus a d'fhéadfadh a bheith i dteideal pas Éireannach? Más rud é go mbeidh, an gcuirfear moill dá bharr sin ar athnuachan na bpasanna ina gcás siúd a bhfuil pas acu cheana?

I gcás fhormhór na n-iarratasóirí ar phasanna Éireannacha, is ag déanamh athnuachana ar phasanna a eisíodh cheana atá siad. Is é sin atá i gceist le formhór mór na n-iarratas go léir agus níl seiceáil teidlíochta pas chomh dian de dhíth ina leith siúd faoin Acht na bPasanna, 2008.

Ní fhágann an cinneadh a rinne an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil go bhfuil an tír sin imithe cheana féin – cuirfear tús le próiseas scoir in am trátha agus meastar go dtógfaidh sé dhá bhliain ar a laghad. Le linn na tréimhse sin, beidh na cearta céanna ag sealbhóirí phas na Ríochta Aontaithe is atá acu faoi láthair san Aontas Eorpach. Mar sin, ní gá do shealbhóirí phas na Ríochta Aontaithe féachaint go práinneach le hiarratas a dhéanamh ar phas ballstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus táthar ag súil nach n-imreofar aon tionchar mór ar an am a thógann sé pas a eisiúint do shaoránaigh Éireannacha a bhfuil a gcuid pasanna á n-athnuachan acu. Mar sin féin, mar gheall ar éileamh ard ar fud an domhain ar chúiseanna éagsúla, molann Oifig na bPasanna go láidir do gach iarratasóir sa Ríocht Aontaithe bailíocht a bpasanna (más á n-athnuachan atá siad) a sheiceáil ar a laghad trí mhí roimh thaisteal dóibh agus seacht seachtaine ar a laghad a fhágáil chun iarratas a dhéanamh ar phas.

Rugadh i dTuaisceart Éireann mé. An bhfágann sé sin nach mbeidh mé i dteideal saoránacht Éireannach ná pas Éireannach a thuilleadh nuair a bheidh an Ríocht Aontaithe imithe as an Aontas Eorpach?

Ní bheidh tionchar ar bith ag imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ar an teidlíocht ar shaoránacht Éireannach.

Seo mar atá, agus mar a bheidh, an seasamh bunúsach de réir dlí:

Má rugadh thú ar oileán na hÉireann roimh an 1 Eanáir 2005, tá tú i dteideal a bheith i do shaoránach Éireannach.

Má rugadh thú ar oileán na hÉireann ar an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin, braitheann do theidlíocht ar shaoránacht do thuismitheoirí tráth do bhreithe agus ar chúlra duine amháin de do thuismitheoirí i dtaobh áit chónaithe sular rugadh thú. Is féidir tuilleadh eolais a léamh ar ár suíomh gréasáin

Conas is féidir liom pas Éireannach a fháil den chéad uair agus cén t-achar ama atá i gceist?

Beidh an treoir ar líne seo ina cabhair duit i dtaobh an rogha is oiriúnaí duit féin a aimsiú.

Tógann sé níos faide iarratais chéaduaire ar phas a phróiseáil ná mar a thógann sé pas a athnuachan mar gheall ar na seiceálacha slándála breise agus na doiciméid bhreise a theastóidh. Má tá cónaí ort in Éirinn, tógfaidh iarratas céaduaire ceithre seachtaine nó níos faide. Más lasmuigh d'Éirinn atá cónaí ort, d'fhéadfadh sé go dtógfadh an próiseas sin seacht seachtaine nó níos faide.

Is saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe mé atá ag iarraidh dul chun cónaí in Éirinn. Cad a dhéanfaidh mé?

Tá feidhm fós ag na rialacha lena rialaítear cearta cónaithe shaoránaigh na Ríochta Aontaithe in Éirinn faoi láthair. Is féidir tuilleadh eolais a léamh ag Citizensinformation.ie

Cad go díreach é an Comhlimistéar Taistil?

Tá an Comhlimistéar Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe (lena n-áirítear Oileáin Mhuir nIocht agus Oileán Mhanann) i bhfeidhm ó rinneadh tír neamhspleách d'Éirinn. Tá feidhm ag an gComhlimistéar Taistil thar réimsí éagsúla, agus ina measc siúd tá saorghluaiseacht idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, agus rochtain ar leas sóisialta.

Más laistigh den Chomhlimistéar Taistil atá tú, ní gá duit pas a bheith agat chun dul isteach sa tír eile. Mar sin féin, mar is eol dóibh siúd a bhíonn ag taisteal go rialta, bíonn gach aeriompróir agus gach iompróir ar farraige ag iarraidh aitheantas éigin a fheiceáil agus ní ghlacfar ach le pas mar aitheantas bailí i gcás roinnt iompróirí. D'fhéadfadh na húdaráis inimirce aitheantas fótagrafach oifigiúil bailí a iarraidh ort freisin, ina léirítear do náisiúntacht.

Cén tionchar a bheidh ag imeacht na Ríochta Aontaithe ar an gComhlimistéar Taistil? An mbeidh saoránaigh na hÉireann fós in ann taisteal gan bhac idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, chun críocha oibre nó chun críocha fóillíochta?

Tógfaidh sé roinnt mhaith ama ar an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil, agus beidh a lán caibidlíochta i gceist sula mbeidh athrú ar bith i bhfeidhm. Tá an Comhlimistéar Taistil fós i bhfeidhm agus is socrú é ar mór ag an dá oileán é. Tabharfaimid tús áite do bhuntáistí an Chomhlimistéir Taistil a choinneáil slán i gcomhthéacs téarmaí agus coinníollacha nua a chaibidliú maidir le caidreamh an Aontais Eorpaigh leis an Ríocht Aontaithe, agus inár gcainteanna déthaobhacha le Rialtas na Breataine.