Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Ceisteanna Coitianta faoin bPas Ar Líne

Tá ceisteanna coitianta sna táib thíos faoi Iarratais Ar Líne ar Phas. Roghnaigh an chatagóir chuí thíos a bhaineann le do cheist.

Riachtanais Bhunúsacha Ar Líne

C. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar phas ar líne? Is féidir. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne má tá tú os cionn 18, má tá Pas Éireannach i do sheilbh agat i láthair na huaire agus mura bhfuil tú ag athrú an ainm ar do phas reatha.

C. Cad a theastaíonn uaim chun iarratas a dhéanamh ar líne? Beidh grianghraf digiteach, seoladh ríomhphoist agus cárta creidmheasa / dochair ag teastáil uait chun iarratas a dhéanamh ar líne.

C. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar leabhar pas agus cárta pas ar líne? Is féidir. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar leabhar pas agus cárta pas araon ar líne. Is féidir iarratas a dhéanamh orthu astu féin nó le chéile mar chuid de bheart. Más ag déanamh iarratais ar chárta pas ann féin atá tú, ní mór duit leabhar pas bailí a bheith agat.

C. Cé mhéad a chosnaíonn sé iarratas a dhéanamh ar líne? Costas €80 atá ar ghnáthleabhar pas ar líne. Costas €110 atá ar leabhar pas mór ar líne. Costas €35 atá ar chárta pas. Tá sé níos saoire nuair a dhéanann tú iarratas ar leabhar pas agus cárta pas ag an am céanna.

C. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar líne má tá mo phas caillte/goidte? Is féidir, ach seans go dtógfaidh sé beagán níos faide d'iarratas a phróiseáil.

C. Rinneadh damáiste do mo phas, an féidir liom ceann nua a fháil? Is féidir, más rud é, mar shampla, go bhfuil leathanach na sonraí pas scoilte nó gur chuir tú an pas tríd an meaisín níocháin, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar líne.

C. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar Phas Gnó ar líne? Ní féidir. Beidh ort iarratas ar pháipéar a chur ar aghaidh. Tagair le do thoil do na treoirlínte reatha.

Foirm Iarratais Ar Líne

C. An gá go mbeadh m'fhoirm iarratais fianaithe? Ní gá, níl éilítear é sin i gcás iarratas ar líne.

C. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar líne má tá mé faoi bhun 18 mbliana? Ní féidir. Ní mór duit a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn chun iarratas a dhéanamh ar líne.

C. Is é seo an chéad uair agam iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar líne? Ní féidir. Ní mór d'iarratasóirí céaduaire iarratas a dhéanamh trí Sheirbhís na bPasanna Luais ag oifig phoist nó trí choinne a dhéanamh ag ceann dár gcuid oifigí. Má tá cónaí ort thar lear, déan teagmháil le do thoil leis an Ambasáid de chuid na hÉireann is gaire duit .

C. Tá athrú tagtha ar mo chúinsí pearsanta agus is mian liom an t-ainm ar mo phas a athrú. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar líne? Ní féidir. Má tá tú ag athrú d'ainm, ní mór iarratas a dhéanamh trí Sheirbhís na bPasanna Luais ag oifig phoist nó trí choinne a dhéanamh ag ceann dár gcuid oifigí. Má tá cónaí ort thar lear, déan teagmháil le do thoil leis an Ambasáid de chuid na hÉireann is gaire duit .

C. Cén fad a ghlacfaidh an próiseas iarratais ar líne? Glacfaidh an próiseas iarratais ar líne tuairim is 10 nóiméad, más rud é go bhfuil do ghrianghraf digiteach nó do chód grianghraif réidh le huaslódáil agat.

C. Tá os cionn 12 mhí bailíochta agam ar mo phas. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar líne? Ní féidir. Chun iarratas a dhéanamh ar líne, ní mór go mbeadh níos lú ná 12 mhí bailíochta fágtha ar do phas reatha. Níl feidhm aige sin maidir le hiarratais ar phasanna atá caillte, goidte nó a bhfuil damáiste déanta dóibh.

C. Tá mo phas in éag le breis agus 5 bliana. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar líne? Ní féidir. Chun iarratas a dhéanamh ar líne, ní mór do phas a bheith in éag níos lú na 5 bliana.

C. Conas a íocaim? Ní mór duit íoc trí chárta dochair nó creidmheasa. Glactar le cártaí creidmheasa réamhíoctha chomh maith.

C. Cad í an Uimhir Pas? Tá d'Uimhir Pas le fáil sa chúinne ar dheis ar bharr do phas. Tosaíonn sí leis an litir P nó L, tagann litir eile ina dhiaidh sin agus 7 n-uimhir (mar shampla PA1234567).

C. Cá bhfaighidh mé admháil? Beidh d'admháil le fáil ar leathanach deimhniúcháin d'iarratais agus is féidir leat í a phriontáil amach le haghaidh do thaifead. Gheobhaidh tú ríomhphost chomh maith ag deimhniú gur cuireadh ar aghaidh d'iarratas.

C. Cad a tharlóidh má bhíonn fadhb agam le m'iarratas ar líne? D'fhéadfaí go ndéanfaí teagmháil leat trí ríomhphost chun ceist maidir le d'iarratas a shoiléiriú.

Mura gcomhlíonann tú na critéir maidir le hiarratas ar líne, déanfar d'iarratas a chur ar ceal.

C. Fuair mé soiléiriú ar ríomhphost agus sheol mé m'fhreagra. Cén fad eile a ghlacfaidh sé chun m'iarratas a phróiseáil? Má tá an fhadhb réitithe, glacfaidh sé tuairim is 5-10 lá oibre chun athphróiseáil a dhéanamh.

C. An gá dom an pas a bhí agam roimhe seo a sheoladh nuair a bheidh mo phas nua faighte agam? Ní gá duit do sheanphas a sheoladh chugainn ar chor ar bith.

Treoirlínte maidir le Grianghraif

C. Conas a fhaighim grianghraf digiteach?

Ta 3 bhealach ann le grianghraf digiteach a fháil.

  • Is féidir leat do ghrianghraf a ghlacadh i mboth grianghraf agus tabharfar cód uathúil duit in éineacht le do ghrianghraif phriontáilte. Tabharfar rogha duit le linn an phróisis iarratais ar líne do chód a úsáid chun teacht ar do ghrianghraf.
  • Is féidir leat dul chuig soláthraí grianghraif mar ghrianghrafadóir nó cógaslann atá in ann grianghraf digiteach a chur ar fáil duit ar USB nó ar ríomhphost.
  • Is féidir le duine do ghrianghraf a ghlacadh sa bhaile agus úsáid a bhaint as ceamara digiteach nó fón cliste/táibléad. Mura gcomhlíonann an grianghraf a chuireann tú ar aghaidh an caighdeán atá leagtha síos chun pas a tháirgeadh, déanfaidh Seirbhís na bPasanna teagmháil leat go díreach chun grianghraf nua a sholáthar.

C. Cá bhfaighidh mé eolas ar threoirlínte maidir le grianghraif? Tá an t-eolas ar threoirlínte maidir le grianghraif le fáil le linn an phróisis iarratais ar líne agus ar ár láithreán gréasáin www.passport.ie/photoguidelines

C. An féidir liom grianghraf pas a bhí agam roimhe seo a úsáid? Ní féidir. Tá na grianghraif a éilítear le haghaidh an iarratais ar líne éagsúil leis na cinn a éilítear le haghaidh iarratas sa phost. Chomh maith leis sin, ní fhéadfaidh do ghrianghraf a bheith níos sine ná 6 mhí.

C. Caithim ceannbheart chun críocha creidimh. An bhfuil sé ceart go leor má chaithim é don ghrianghraf pas? Más rud é go gcaitheann tú ceannbheart chun críocha creidimh, tá cead agat é a chaitheamh don ghrianghraf pas. Ní féidir aon chineál oiriúintí eile a chaitheamh.

C. An féidir liom spéaclaí a chaitheamh? Is féidir spéaclaí trédhearcacha a chaitheamh fad is nach gclúdaíonn na frámaí aon chuid de do shúile nó nach gcruthaíonn siad dallrú nó scáthanna. Ní cheadaítear spéaclaí gréine a chaitheamh.

C. An féidir féinín a úsáid? Ní féidir. Má tá tú ag úsáid fón cliste/táibléad chun do ghrianghraf a ghlacadh, ní mór a chinntiú gur duine éigin eile a ghlacann an grianghraf duit. Féach ar na treoirlínte maidir le ghrianghraif sula nglacann tú ceann agus sula seolann tú é. Iarrfar ar iarratasóirí a chuireann féinín ar aghaidh grianghraf eile a sholáthar lena n-iarratas. Cuirfidh sé seo moill ar an bpróiseas iarratais.

C. An mbeidh mo ghrianghraf ar mo phas daite? Ní bheidh. Beidh an grianghraf ar do phas dubh agus bán. Ní mór duit grianghraf daite a chur ar aghaidh a dhéanfar a thiontú go dtí dubh agus bán le linn an phróisis iarratais.

C. Tá mo ghrianghraf claonta nó bunoscionn nuair a dhéanaim uaslódáil air. An gcruthaíonn sé sin fadhb? Seans go bhfuil seo ag tarlú mar gheall ar threoshuíomh d'fhóin, do tháibléid nó do cheamara agus an grianghraf á ghlacadh. Ní bheidh tionchar aige sin ar an ngrianghraf Pas críochnúil mar is féidir lenár gcóras a chasadh go huathoibríoch le linn an phróisis iarratais. Anuas air sin, tá cnaipí ar an leathanach réamhamhairc a cheadaíonn duit do ghrianghraf a chasadh ionas gur féidir leat é a fheiceáil i gceart más mian leat.

C. Nuair a bhím ag uaslódáil m'íomhá, deir an láithreán gréasáin liom nach bhfuil an mhéid ná an fhormáid i gceart. Ní mór an íomhá a ghlacadh de réir threoirlínte an láithreáin ghréasáin, a stóráil i bhformáid JPEG agus an comhad a bheith níos lú ná 9MB. Smaoinigh faoi do ghrianghraf a fháil ó bhoth pasanna nó ó ghrianghrafadóir gairmiúil mura n-éiríonn leat do chuid fadhbanna a shárú.

C. Ghlac mé mo ghrianghraf féin ar m'fhón, táibléad nó ceamara ach táim ag déanamh iarratais ar ríomhaire, conas a fhaighim rochtain ar m'íomhá? Beidh ort d'íomhá a aistriú chuig do ríomhaire agus a bheith in ann í a aimsiú chun go bhféadfaidh tú leanúint ar aghaidh. D'fhéadfá í a sheoladh ar ríomhphost ón bhfón má tá an leagan amach sin agat. Má bhaineann tú úsáid as ceamara tiomnaithe, beidh ort féachaint ar threoirlínte an déantúsóra maidir le comhaid a aistriú. Más féidir é, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ón bhfón nó ón táibléad lenar ghlac tú an grianghraf.

C. Tá mo ghrianghraf agam ar m'fhón, táibléad nó ríomhaire ach ní féidir liom é a aimsiú lena uaslódáil. Más féidir é, bain úsáid as taiscéalaí comhad chun do chomhad a aimsiú sula ndéanann tú iarratas ar líne. Smaoinigh an comhad a athainmniú le hainm a mbeidh sé éasca cuimhneamh air ionas gur féidir leat é a aimsiú go héasca agus tú ag déanamh iarratais. I gcás úsáideoirí iPhone, stóráiltear grianghraif ar ghailearaí na ngrianghraf agus is féidir rochtain a fháil orthu as sin.

C. Chlis mo bhrabhsálaí nó dhún sé nuair a bhí mé ag uaslódáil m'íomhá. Cad a dhéanfaidh mé anois? Atosaigh an feidhmchlár ag passportonline.ie

C. Ba mhaith liom bogearra nó scagairí grianghraf a úsáid chun an íomhá a athrú. Cad is cóir dom a úsáid? Ní ceadmhach grianghraif a athrú go digiteach ná eagarthóireacht a dhéanamh orthu. Lean na treoirlínte ar ár láithreán gréasáin maidir le grianghraif.

C. Tá iarracht déanta agam roinnt uaireanta grianghraf a ghlacadh ach dhiúltaigh an láithreán gréasáin iad ar fad. Smaoinigh faoi grianghraf gairmiúil a ghlacadh ag soláthraí grianghraif digiteach nó grianghrafadóir gairmiúil.

C. Tugaim faoi deara gur úsáid mé grianghraf den duine mícheart ar Iarratas. Déan teagmháil le hOifig na bPasanna le d'uimhir iarratais.

C. Tá grianghraf ar pháipéar agam a theastaíonn uaim a uaslódáil. An féidir liom é a scanadh? Ní ceadmhach grianghraif scanta. Faigh grianghraf ag úsáid ceann de na modhanna a bhfuil cur síos déanta orthu ar ár láithreán gréasáin sula ndéanann tú iarratas.

Ceisteanna Coitianta faoin bPaschárta

1. Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar an gCárta Pas Éireannach?

Níl an Cárta Pas Éireannach ar fáil ach do Shaoránaigh Éireannacha ag a bhfuil Leabhar Pas bailí (atá bailí go ceann trí mhí eile ar a laghad) agus atá 18 mbliana d’aois nó níos sine.

2. Cé na háiteanna ar féidir liom taisteal chucu ar an gCárta Pas?

Tá an cárta bailí i gcomhair taisteal san Aontas Eorpach, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus san Eilvéis.

3. An gá Leabhar Pas a bheith agam sula ndéanfaidh mé iarratas ar Chárta Pas?

Ní mór go mbeadh do Leabhar Pas bailí agat ionas gur féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta Pas. (Tabhair faoi deara: má ligtear amú nó má ghoidtear do Leabhar Pas, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Leabhar Pas nua sula bhféadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Chárta Pas).

4. Cé mhéad a chosnóidh an Cárta Pas?

Gearrfar táille €35 ar an gCárta Pas. Beidh táille phoist €5 sa bhreis i gceist más lasmuigh d’Éirinn atá cónaí ort. Is féidir leat breis eolais a fháil ar phraghsanna agus iarratas ar líne ar phas anseo.

5. Conas is féidir liom íoc as mo Chárta Pas?

Is féidir íocaíocht a dhéanamh le Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair (faoi láthair glactar le Visa, MasterCard, Diners Club International agus American Express).

6. Cé chomh fada a bheidh an Cárta Pas bailí?

Beidh do Chárta Pas bailí ar feadh 5 bliana ar a mhéad nó ar feadh na tréimhse bailíochta atá fágtha ar do Leabhar Pas reatha; is é sin nach féidir dáta éaga an Chárta Pas a bheith tar éis dáta éaga do Leabhair Pas.

7. Cén t-achar ama a thógann sé iarratas a phróiseáil faoi láthair?

Tógann sé x lá oibre ar an meán iarratas a phróiseáil.

8. Cad a tharlóidh má ligim amú mo Chárta Pas nó má ghoidtear é?

Tugann Seirbhís na bPasanna tuairisc do Interpol faoi shonraí gach Pas a ligeadh amú nó a goideadh, agus fágann sé sin nach bailí iad i gcomhair taistil a thuilleadh. Agus iarratas á dhéanamh agat ar do chárta nua, ba cheart duit a chur in iúl sa chuid ábhartha den fhoirm iarratais ar líne gur ligeadh amú do Chárta Pas, gur goideadh é, nó go ndearnadh damáiste dó. Mura bhfuil tú chun iarratas a dhéanamh ar chárta nua, ba cheart duit an fhoirm theagmhála a chomhlánú chun é sin a chur in iúl do Sheirbhís na Pasanna.

9. Cén uimhir is ceart dom a úsáid chun seiceáil isteach ar líne agus mé ag taisteal ar mo Chárta Pas?

Agus tú ag seiceáil isteach ar líne, úsáid an uimhir atá sa chúinne ag an mbarr ar dheis d’aghaidh an chárta (mar shampla, C12345678).

10. An bhféadfainn féinín a thógáil mar ghrianghraf i gcomhair mo Chárta Pas?

Ar an drochuair, ní fhéadfaidh tú. Ní mór duit iarraidh ar dhuine éigin eile an grianghraf a thógáil ar do shon. Tá breis eolais maidir le treoirlínte faoin ngrianghraf anseo.

Seachadadh Poist

C. Conas a gheobhaidh mé mo phas?

  • Má tá cónaí ort in Éirinn, Tuaisceart Éireann nó sa Ríocht Aontaithe seachadfar do phas ar luasphost agus ní bheidh síniú i gceist.
  • Má tá cónaí ort lasmuigh d'oileán na hÉireann nó den Ríocht Aontaithe seolfar do phas tríd an bpost cláraithe agus beidh síniú i gceist ar é a sheachadadh. Ní mór do na hiarratasóirí seo a chinntiú go soláthraíonn siad seoladh seachadta i rith an lae má tá sé éagsúil leis an seoladh baile.

C. An féidir mo phas a sheoladh chugam thar lear? Cé mhéad a chosnóidh sé? Is féidir. Is féidir do phas a sheoladh ar fud an domhain. (Beidh táille breise poist €5 i gceist)

C. Má dhéanaim iarratas ar leabhar agus ar chárta pas, an seachadfar le chéile iad? Ní sheachadfar. Seachadfar astu féin iad. Seachadfar do leabhar pas i dtosach agus seachadfar do chárta pas tuairim is seachtain ina dhiaidh sin.

C. An féidir mo Phas a sheoladh chuig mo sheoladh oibre? Seolfar do phas chuig an seoladh a d'ionchuir tú ar an bhfoirm iarratais ar líne.