Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Víosaí oibre agus taistil na Stáit Aontaithe–na hÉireann

Tá comhaontuithe víosaí ar bun idir rialtas na hÉireann agus rialtas na Stát Aontaithe a ligeann dá saoránaigh oibriú agus taistil i dtíortha a chéile.

Ó 2008 tá comhaontú ag Éirinn le Rialtas na Stát Aontaithe a chuireann ar chumas shaoránaigh na hÉireann agus na Stát Aontaithe oibriú agus taistil i dtíortha a chéile ar feadh suas le 12 mí. Is léiriú é an comhaontú seo ní hamháin ar an dlúthnasc stairiúil agus cultúir idir Éirinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach ar chomh bríomhar agus atá an caidreamh nua-aimseartha eacnamaíoch agus tráchtála idir ár dtíortha freisin.

Le cáiliú don chlár ba chóir do rannpháirtithe a bheith in oideachas iar-mheánscoile nó tar éis céim a bhaint amach le déanaí (i.e. laistigh de 12 mí).

Níl tionchar ag an gclár nua seo ar oibriú chlár Oibre agus Taistil na Mac Léinn atá ag éirí go hiontach leis agus a thugann deis do mhic léinn as na Stáit Aontaithe agus as Éirinn oibriú agus taisteal ar feadh roinnt míonna gach samhradh. Leanfaidh an clár J1 sin i mbun feidhme mar chlár ar leithligh atá níos teoranta.

Údarú don Saoire Oibre

Conas iarratas a dhéanamh – saoránaigh na Stát Aontaithe

Más saoránach de chuid na Stáit Aontaithe tú, is féidir leat iarratas a dheanamh ar Údarú do Shaoire Oibre na Stát Aontaithe ag na háiteanna seo a leanas:

Beidh ort na nithe a leanas a chomhlíonadh:

  1. Comhlánaigh agus sínigh an fhoirm iarratais
  2. Seol ar aghaidh an fhoirm iarratais chuig an Ambasáid nó chuig ceann de na hArd-Chonsalachtaí leis na nithe seo a leanas:

­   €1,500 (nó a chomhionann) móide ticéid fillte taistil

­   €3,000 (nó a chomhionann)

D’Údarú Saoire Oibre a fháil

Nuair a bheidh an Ambasáid nó an Ard-Chonsalacht sásta le d’iarratas, ceadófar é i bprionsabal agus cuirfear ar an eolas tú. Eiseofar d’Údarú Saoire Oibre ansin nuair a chuirfidh tú na nithe a leanas faoi bhráid:

Conas iarratas a dhéanamh – saoránaigh na hÉireann

Tá próiseas iarratais dhá chéim ag Rialtas na Stát Aontaithe don scéim seo.

Beidh ort na nithe a leanas a chomhlíonadh:

  1. Iarratas a dhéanamh ar eagraíocht urraíochta údaraithe chun go n-eiseofar foirm DS-2019 chugat
  2. Iarratas a dhéanamh chuig Ambasáid na Stáit Aontaithe i mBaile Átha Cliath ar do víosa nuair a bheidh an fhoirm DS-2019 eisithe chugat

Tuilleadh eolais

Má tá suim agat cur isteach an gclár seo, bí i dteagmháil le ceann de na heagraíochtaí urraíochta údaraithe chun tuilleadh eolais a fháil.

Clár Oibre agus Taistil na Mac Léinn (J1)

Le Clár Oibre agus Taistil na Mac Léinn J1 ligtear do mhic léinn ó roinnt tíortha agus Éire ina measc a bheith ag obair agus ag taisteal sna Stáit Aontaithe ar feadh roinnt míonna gach samhradh.

An Clár Oibre agus Taistil d’Intéirnigh

Leis an gclár seo ligtear do mhic léinn iar-mheánscoile nó do dhaoine as Éirinn a bhain céim amach le déanaí (laistigh de 12 mí) oibriú agus taisteal sna Stáit Aontaithe ar feadh suas le dhá mhí dhéag. Is clár ar leithligh é ó chlár an J1 atá níos leithne ná é.

Díríonn an Boston Irish Immigrant Centre agus USIT go sonrach ar na scéimeanna do shaoránaigh na hÉireann.

 

 

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

US-Ireland Working Holiday Agreement

The Working Holiday Agreement between Ireland and the US allows Irish and US citizens to work and travel in each other's country for up to 12 months.

In 2008 Ireland and the US signed a memorandum of understanding on a 12 month Intern Work and Travel Pilot Programme (a.k.a. the Working Holiday Agreement) that enables Irish and US citizens to work and travel in each other's country for up to 12 months. The agreement reflects not only the close historical and cultural links between Ireland and the United States of America, but also the vibrancy of the modern economic and commercial relationship between our countries.

The Working Holiday Agreement is intended to facilitate US citizens who wish to travel for an extended period in Ireland and to engage in employment as an incidental aspect of their holiday.

Irish citizens who wish to avail of the provisions of the Working Holiday Agreement  to travel to the US should consult the websites of the US Embassy in Dublin and/or the US Department of State for more information about the Intern Work and Travel Pilot Program with Ireland  (a.k.a. Intern work/travel: Irish).

This programme is separate to and does not affect the operation of the highly successful Summer Work Travel or Intern visa programmes. For information on these, please consult the website of the US Embassy in Dublin and/or the US Department of State.