Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Freagra ar an Ráig Ebola

I mí na Samhna 2015, d'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go raibh deireadh tagtha leis an ráig den ghalar Ebola i Siarra Leon. Tháinig sé sin sna sála ar thréimhse thubaisteach sa tír sin, tráth a fuair 3,956 duine bás.

Irish Aid responds to the Ebola Outbreak

Bhí an deimhniú go raibh deireadh tagtha leis an ráig Ebola i Siarra Leon ina chloch mhíle mhór sna hiarrachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta chun fáil réidh leis an ngalar Ebola ó na trí thír san Afraic Thiar – Siarra Leon, an Libéir agus an Ghuine – ba mheasa a bhí buailte ag an ngalar.

Tríd an bhfoireann san Ambasáid dár gcuid in Freetown agus ár bhfo-oifig in Monrovia, eagraíochtaí neamhrialtasacha Éireannacha, oibrithe deonacha agus daoine d’Óglaigh na hÉireann a cuireadh go Siarra Leon, ghlac Éire ról gníomhach sa troid i gcoinne na ráige Ebola.

Áiríodh leis an méid a rinne Cúnamh Éireann breis is €28.9 milliún a thabhairt do na tíortha a bhí buailte ag Ebola san Afraic Thiar, lena n-áirítear trí eagraíochtaí neamhrialtasacha, ar feadh na tréimhse 2014-2015. Thugamar cistiú do shaoráidí cóireála Ebola i Siarra Leon agus sa Libéir, agus do thionscnaimh i leith rianú teagmhálaithe, íogrú pobail agus bainistíocht flít otharcharr, i measc gníomhaíochtaí eile.

I Siarra Leon, áit a ndeachaigh líon na dtoircheas i méid i measc déagóirí i rith na ráige Ebola, chabhraigh Cúnamh Éireann lena chinntiú go raibh fáil ar chúram sláinte cuí agus ar oideachas foirmiúil do chailíní scoile a bhí ag iompar clainne. Ina theannta sin, thacaíomar le hidirghabhálacha cothaithe d'fhonn maolú a dhéanamh ar éifeachtaí Ebola ar na teaghlaigh ba leochailí. Sa Libéir, bhíomar i mbun oibre leis an Rialtas chun córas sláinte a fhorbairt a bheadh ní ba stuama, ní b'éifeachtaí agus ní ba chuntasaí.

Ó shin i leith, tá córais mhearfhreagartha curtha ar bun i Siarra Leon agus sa Libéir chun cuidiú le srian a chur ar aon ráig Ebola amach anseo, agus an baol a laghdú go dtarlódh aon eipidéim eile. Is fada an bóthar atá le taisteal go fóill ag an dá thír agus iad ag teacht chucu féin ó thionchar tubaisteach Ebola agus ag déanamh iarracht an fhorbairt gheilleagrach agus shóisialta a spreagadh atá de dhíth ar mhuintir na dtíortha sin. Leanfaidh Cúnamh Éireann ar aghaidh ag tacú leo ar an aistear sin, agus beidh sé ina thosaíocht againn cabhrú leis na daoine is leochailí.