Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Eanáir: Seoladh an dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta de chuid na hÉireann maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil

I mí Eanáir 2015, sheol an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan T.D., an dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta de chuid na hÉireann maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, a bheidh ar siúl ó 2015 go dtí 2018.

WPS Launch

I nDeireadh Fómhair na bliana 2000, glacadh Rún 1325 (UNSCR 1325) de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil. Rún thar a bheith tábhachtach a bhí ann lenar díríodh aird ar dhrochthionchar na coinbhleachta ar mhná agus cailíní, agus ar an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na mban sa cheannaireacht agus sa chinnteoireacht i gcásanna ina bhfuil coinbhleacht ar bun nó ina bhfuil coinbhleacht thart. Glacadh sé rún eile de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le téamaí bainteacha ó shin i leith.

Sa Dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta de chuid na hÉireann sa réimse sin, a forbraíodh tar éis dáil chomhairle fhairsing leis an bpobal, déantar athnuachan ar thiomantas an Rialtais do chlár oibre Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil. Déantar cur síos ann freisin ar mar a leanfaidh Éire ag aghaidh ag cur chun cinn agus ag cur chun feidhme cuspóirí an chláir oibre trí ghníomhaíochtaí cláir, tacaíocht taidhleoireachta agus ceapadh beartais ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Roinn Cosanta, Óglaigh na hÉireann, an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach). Tá idir ghníomhaíochtaí náisiúnta agus ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta sa Phlean Gníomhaíochta, agus beidh leibhéal ard rannpháirtíochta ag an tsochaí shibhialta i bhforbairt an Phlean agus sa mhonatóireacht leanúnach air. Tugadh aitheantas ar an leibhéal idirnáisiúnta don dea-chleachtas atá á léiriú leis an gcur chuige sin.

Tá feidhmiú an Phlean Gníomhaíochta á chur chun cinn faoi choimirce Grúpa Maoirseachta atá freagrach as an monatóireacht leanúnach a dhéanfaidh Éire ar an gclár oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil. Is í an t-iarAire Dlí agus Cirt, Nora Owen Uasal, atá ina Cathaoirleach Neamhspleách ar an ngrúpa, agus tá ballraíocht chothrom aige idir lucht acadúil, an tsochaí shibhialta agus saineolaithe neamhspleácha, agus ionadaithe de chuid na gcomhlachtaí reachtúla feidhmiúcháin.

Tá tuilleadh eolais faoin dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta de chuid na hÉireann maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil le léamh ag https://www.dfa.ie/media/dfa/alldfawebsitemedia/ourrolesandpolicies/ourwork/empoweringwomen-peaceandsecurity/Irelands-second-National-Action-Plan-on-Women-Peace-and-Security.pdf