Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Éire sna Náisiúin Aontaithe le 60 bliain anuas

Celebrating UN60

In 2015, bhíomar á cheiliúradh go raibh Éire sna Náisiúin Aontaithe le 60 bliain, agus go bhfuil ról ag an tír seo mar ghuth beag, ach guth láidir ar son an daonlathais, an chomhionannais, na síochána, na slándála agus na forbartha.

Ó chuaigh muid isteach sna Náisiúin Aontaithe an chéad lá riamh, thug Éire faoi roinnt tosaíochtaí beartais atá fós ina ngné lárnach dár mbeartas eachtrach anois. Ina measc siúd tá an tsíochánaíocht, neamhiomadú agus dí-armáil núicléach, cúnamh forbartha, cur chun cinn na síochána agus na slándála, agus an comhionannas inscne a chur chun cinn ar fud an domhain. In 2015, d'fhóin breis is 370 de thrúpaí síochánaíochta na hÉireann i seacht gcinn de mhisin éagsúla de chuid na Náisiún Aontaithe ar fud an domhain.

Leis an gclár comóraidh UN60, bhí an-deis againn feasacht a mhúscailt i ndáil le cion na hÉireann ar mhaithe leis an obair a dhéanann na Náisiúin Aontaithe. Is é an tAire Flanagan a sheol an clár i mí na Bealtaine ag Léacht Theach Uíbh Eachach a thug Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, an tUasal Ban Ki-moon, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

"Léiríonn Éire an cumas atá ag stáit bheaga difríocht a dhéanamh." Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, an tUasal Ban Ki-moon, agus Léacht Theach Uíbh Eachach á tabhairt aige

Tá an tUasal Ban ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ó 2007, agus bhí sé tagtha go hÉirinn chun glacadh le Gradam Idirnáisiúnta Síochána Thiobraid Árann, ar son na hoibre atá déanta aige ar mhaithe leis an tsíocháin ar fud an domhain. Áiríodh ina chlár freisin cuairt ar Scoil Oiliúna na Náisiún Aontaithe in Éirinn ag an gCurrach, Co. Chill Dara, agus cruinniú le hÉireannaigh atá i mbun na síochánaíochta faoi láthair, imeacht do dhídeanaithe athlonnaithe agus do dhaoine de phobal na Siria in Éirinn, agus cainteanna leis an Taoiseach Enda Kenny agus an Tánaiste Joan Burton.

Ina theannta sin, ghlac an tArd-Rúnaí Ban páirt in imeacht faoin Óige agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i dTeach Uíbh Eachach lena cheiliúradh gur roghnaíodh Éire mar chomh-éascaitheoir sa chaibidlíocht ar na spriocanna is bun leis an gclár oibre forbartha inbhuanaithe sna 15 bliana atá romhainn.

Mór-imeacht eile ar chlár UN60 ab ea Cruinniú Mullaigh Daonnúil na hÉireann i mí Iúil, lenar tugadh le chéile breis is 230 ceannaire sinsearach ó phobal daonnúil na hÉireann chun plé a dhéanamh ar an gcaoi a ndéileálaimid le géarchéimeanna ar domhan. Ina theannta sin, rinne an Roinn urraíocht ar an gcéad Chlár Óg-Thoscairí NA de chuid na hÉireann. Roghnaigh sí beirt ógánach Éireannacha chun a bheith ar thoscaireacht oifigiúil na hÉireann chuig Comhthionól Ginearálta na Náisiúin Aontaithe i mí Mheán Fómhair, agus chuaigh sí i gcomhairle le daltaí dara leibhéal ar cheisteanna a bhaineann leis na Náisiúin Aontaithe trí Léarscáil Seomra Ranga a sheoladh ina léirítear rannpháirtíocht na hÉireann ag na Náisiúin Aontaithe.

I measc na n-imeachtaí tábhachtacha eile bhí siompóisiam ardleibhéil ina ndearnadh machnamh ar éachtaí atá déanta ag na Náisiúin Aontaithe agus ar dhúshláin atá romhainn, ar ar fhreastail iarUachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe um Imirce Idirnáisiúnta, Peter Sutherland, agus iarArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Kofi Annan. Ullmhaíodh taispeántas grianghraf agus téacsanna ó chéad bhlianta na hÉireann ag na Náisiúin Aontaithe i gcomhpháirtíocht le hAcadamh Ríoga na hÉireann, agus rinneadh Teach Uíbh Eachach a shoilsiú i nDath Gorm na Náisiún Aontaithe chun Lá na Náisiún Aontaithe a cheiliúradh ar an 24 Deireadh Fómhair.

Tá gach sonra faoi na himeachtaí go léir ar ár láithreán gréasán UN60: https://www.dfa.ie/un60/Tá Léacht Theach Uíbh Eachach a thug Ban Ki-moon, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le léamh ag https://www.dfa.ie/iveagh-house-lectures/un-secretary-general's-iveagh-house-lecture/