Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Meán Fómhair: Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA

UN Sustainable Development Goals Negotiations

In 2014, cheap Uachtarán Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Ambasadóir na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac, David Donoghue, in éineacht lena chomhbhádóir sa Chéinia, Machiara Kamau, chun a bheith i gceannas ar an gcaibidlíocht idir rialtais an domhain i leith Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe nua a thiocfadh i gcomharbas ar Spriocanna Forbartha na Mílaoise, a bhí le dul in éag faoi dheireadh na bliana 2015.

Bhí sé i gceist plean uaillmhianach a chur i gcrích a chuirfeadh bailchríoch ar an obair a rinneadh faoi Spriocanna Forbartha na Mílaoise maidir le díothú na bochtaineachta, ach a raibh sé i gceist leis freisin go rachfaí i ngleic leis an díghrádú comhshaoil agus leis an athrú aeráide, agus domhan a chothú a bheadh ní ba shíochánta, ní ba chothroime agus ní b'inbhuanaithe.

In 2015, thug Éire agus an Chéinia le chéile ballstáit uile na Náisiún Aontaithe, ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta agus na hearnála poiblí agus eagraíochtaí eile chun a theacht ar chomhaontú faoin gclár oibre forbartha nua sin.

Ócáid stairiúil a bhí ann ar an 2 Lúnasa nuair a d'fhógair an tAmbasadóir Donoghue agus an tAmbasadóir Kamau dóibh siúd a bhí i láthair ag an gcruinniú de Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe go raibh comhaontú curtha i gcrích, agus nuair a chuir siad i láthair an téacs críochnaitheach: “Transforming Our World: the 2030 Agenda for Sustainable Development.”

Ghlac ceannairí 193 tír an domhain an comhaontú go foirmiúil ag Cruinniú Mullaigh speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a tionóladh i mí Mheán Fómhair 2015. Seacht gcinn déag de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe atá sa chomhaontú, agus 169 sprioc shonrach ag gabháil leo thar réimsí éagsúla lena leantar ar aghaidh leis na hiarrachtaí chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht, ach lena dtéitear i ngleic freisin leis na dúshláin i réimsí chomh héagsúil le fuinneamh, bia, uisce, aeráid, síocháin, rialachas, poist agus uirbiú. Is é an Taoiseach a bhí i gceannas ar thoscaireacht na hÉireann ar lá tionscnaimh an Chruinnithe Mullaigh agus ghlac an tUachtarán Ó hUigínn agus an tAire Stáit um Chomhar Forbartha, an tUasal Sean Sherlock TD, páirt ann freisin.

Tá feidhm uilíoch ag na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe – rud a chiallaíonn go bhfuil feidhm acu i gcás tíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha araon, agus go bhfuil siad chomh hábhartha céanna in Éirinn is atá in aon tír eile.

Ról na hÉireann

Ba mhór an onóir don tír seo é nuair a ceapadh Éire chuig ról comh-éascaitheora, agus bhí freagracht mhór i gceist leis. Aitheantas a bhí ann ar sheasamh na hÉireann ar domhan, agus go háirithe ar an dea-chlú atá ar ár gclár cúnaimh thar lear, Cúnamh Éireann; ar an teist a bhfuilimid bródúil aisti i dtaobh chearta an duine a chur chun cinn; agus ar an ról atá againn le fada an lá i síochánaíocht na Náisiún Aontaithe ar fud an domhain.

Bhain tábhacht ar leith leis an rath a bhí ar ról na hÉireann sa deireadh thiar toisc gur in 2015 a cheiliúramar go raibh na Náisiúin Aontaithe ar an bhfód le 70 bliain anuas agus go raibh Éire ina ball den eagraíocht sin le 60 bliain anuas.

Tá tuilleadh eolais ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le léamh anseo: https://www.irishaid.ie/what-we-do/post-2015-negotiations/