Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Iúil: Cruinniú Mullaigh Daonnúil na hÉireann

The Irish Humanitarian Summit

Chuir an Rannán um Chomhar Forbartha, rannán de chuid na Roinne, ar bun an chéad Chruinniú Mullaigh Daonnúil riamh de chuid na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar an 2 Iúil 2015. Ag an gCruinniú Mullaigh sin, tugadh le chéile páirtithe leasmhara éagsúla in Éirinn a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht dhaonnúil chun scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir linn freagra níos fearr a thabhairt ar an líon níos mó agus níos mó éigeandálaí casta ar fud an domhain, agus conas is féidir a chinntiú go mbeidh an cúnamh daonnúil uainn chomh héifeachtach agus chomh comhiomlánaíoch agus is féidir.

Is é an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a chuir tús leis an gCruinniú Mullaigh, agus labhair sé faoin méadú atá ag teacht ar an éileamh ar thacaíocht dhaonnúil ar fud an domhain mar gheall ar thubaistí agus coinbhleachtaí; tá cúnamh práinneach ag teastáil ó bhreis is 125 milliún duine anois. D'éiligh sé meon níos daonnúla agus aird níos mó ar dhínit agus cearta na ndaoine agus na bpobal atá buailte ag géarchéimeanna daonnúla.

Labhair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Charles Flanagan T.D. agus an té a bhíodh ina Aire Stáit um Chomhar Forbartha an tráth sin, Seán Sherlock T.D., ag an gcruinniú Mullaigh freisin. D'fhreastail os cionn dhá chéad ionadaí sinsearach is tríocha ó Rialtas na hÉireann, eagraíochtaí neamhrialtasacha, an lucht acadúil, an earnáil phríobháideach agus lucht an diaspóra ar an gcruinniú.

Ba é an teachtaireacht lárnach a tháinig ó Chruinniú Mullaigh Daonnúil na hÉireann ná gur chóir gurb iad na daoine atá buailte ag tubaistí nádúrtha agus coinbhleachtaí a bheadh i gcroílár freagairt dhaonnúil ar bith. Ní mór go gcuideodh an ghníomhaíocht dhaonnúil leis na daoine a bhfuil géarchéimeanna ag goilleadh orthu chun iad féin a thabhairt slán agus teacht chucu féin arís, agus ba chóir an fhreagairt a threorú sa cheantar féin más féidir é.

Dhearbhaigh pobal daonnúil na hÉireann arís a dtiomantas leanúnach do chabhair dhaonnúil atá neodrach, neamhspleách, neamhchlaonta agus bunaithe ar riachtanas.

Áiríodh i measc na dtorthaí ón gCruinniú Mullaigh tiomantas d'acmhainní a spriocdhíriú níos fearr trí ghníomhairí áitiúla atá ag obair chun cabhrú leis an bpobal atá buailte ag an ngéarchéim, an teacht aniar a chothú nuair a tharlaíonn tubaiste i ndiaidh tubaiste, agus lena aithint nach mór tús áite a thabhairt don chomhionannas inscne agus do dhíothú an fhoréigin i gcoinne ban agus leanaí sa ghníomhaíocht dhaonnúil i ngach cás éigeandála.

Bhí na moltaí agus na gníomhaíochtaí a d'eascair as Cruinniú Mullaigh Daonnúil na hÉireann ina dtreoir ina dhiaidh sin i dtaobh rannpháirteachas na hÉireann i gCruinniú Mullaigh Daonnúil an Domhain a bhí ar siúl in Iostanbúl i mBealtaine na bliana 2016.