Agraibhia
In 2015, thacaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus líonra Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann le hoscailt margaí nua i gcomhair bhia agus táirgí bia na hÉireann agus leis an iarracht na spriocanna fáis inbhuanaithe a bhaint amach atá leagtha síos sa straitéis náisiúnta forbartha tionscail Food Wise 2025.
In Food Wise 2025, leagtar amach réamh-mheastacháin ar an méadú foriomlán ar earnáil an agraibhia sna deich mbliana atá romhainn, lena n-áirítear méadú 85% ar onnmhairí, go dtí €19 billiún faoi 2025. B'fhiú €10.8 billiún na honnmhairí san earnáil sin in 2015, arb ionann é agus méadú 3%. Is é sin an 6ú bliain as a chéile a raibh borradh faoi onnmhairí san earnáil sin. Tá na Stáit Aontaithe fós ar an dara margadh is mó tar éis na Ríochta Aontaithe, agus tháinig méadú 40% ar luach na n-onnmhairí chuig na Stáit Aontaithe, go dtí suim mheasta €755 milliún. Tá borradh mór fós faoi onnmhairí chuig an tSín agus an Meánoirthear, agus tháinig méadú 16% agus 12% faoi seach ar a luachanna. Is chuig margaí idirnáisiúnta a cuireadh 28% d'onnmhairí iomlána argaibhia na hÉireann in 2015.
Fágfaidh na margaí nua sin, ina bhfuil an mheánaicme ag dul i méid agus ina bhfuil ioncam indiúscartha na ndaoine ag ardú, go mbeidh deiseanna suntasacha fáis le tapú ag earnáil agraibhia agus earnáil dí na hÉireann sna blianta amach romhainn.
Chomh maith leis sin, d'éascaigh líonra ár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí do roinnt misean trádála ar éirigh go geal leo in 2015. Cuireadh iadsan ar bun d'fhonn cur chun cinn na trádála a fheabhsú agus rochtain a fháil ar mhargaí lasmuigh den Aontas Eorpach, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe, an tSín, Stáit na Murascaille, an Ailgéir agus an Afraic Thiar.
I ngach cás, tugadh an deis do chuideachtaí Éireannacha a bhí ag glacadh páirte sa tionscnamh an caidreamh trádála a bhí acu cheana féin a neartú agus cur leis an iomrá a bhí orthu i margaí tábhachtacha nua atá aitheanta mar mhargaí ina bhfuil an-chuid deiseanna le tapú acu. I gcás Mhisean na hAfraice Thiar go háirithe, bhí an deis ag cuideachtaí bia Éireannacha a dtáirgí a chur i láthair margadh nua atá ag teacht chun cinn nach ceann dár gcinn scríbe sheanbhunaithe é i dtaobh onnmhairiú.