Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Márta: Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh ar fud an Domhain

Tá Lá Fhéile Pádraig i measc na bhféilte náisiúnta is fearr aithne ar fud na cruinne, agus déanann Éireannaigh agus cairde na hÉireann, go háirithe, é a cheiliúradh ar fud an domhain gach bliain. Ullmhaíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, trína líonra Ambasáidí agus le tacaíocht ó Ghníomhaireachtaí Stáit amhail an Bord Bia agus Fiontraíocht Éireann, clár bliantúil gníomhaíochtaí agus ócáidí ceiliúrtha ar fud na cruinne chun cúrsaí trádála agus turasóireachta a chur chun cinn agus cur le cáil na hÉireann ar domhan.

St. Patrick's Day Greening of the Great Wall, China

In 2015, d'eagraigh an Roinn agus líonra ár nAmbasáidí 29 cuairt – cuairteanna a bhí dírithe ar chúrsaí trádála – a thug Airí Rialtais ar 70 cathair in 26 tír. Bhí an Taoiseach agus an Tánaiste ina measc siúd a thaistil thar lear. D'óstálamar nó d'eagraíomar 398 imeacht san iomlán, ó Nua-Eabhrac go Nairobi, lena n-áirítear an chéad cheiliúradh oifigiúil ar Lá Fhéile Pádraig in Silicon Valley. Áiríodh leo sin 148 imeacht gnó, a eagraíodh i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí Stáit, ar ar fhreastail beagnach 18,000 ionadaí ó chuideachtaí Éireannacha agus cuideachtaí idirnáisiúnta.

Gach bliain freisin, tugann Lá Fhéile Pádraig an deis don Taoiseach agus d'Airí Éireannacha bualadh le hUachtaráin, le Príomh-Airí agus le daoine tábhachtacha éagsúla ón lucht cinnteoireachta agus an lucht tionchair ar fud an domhain.  D'eagraíomar 149 cruinniú den sórt sin i gcomhair Lá Fhéile Pádraig 2015.

Ina theannta sin, thacaigh líonra ár nAmbasáidí le paráidí agus féilte Lá Fhéile Pádraig ar ar fhreastail breis is seacht milliún duine ar fud an domhain. Ghlacamar páirt arís sa tionscnamh 'Glasú an Domhain' de chuid Thurasóireacht Éireann, faoinar cuireadh dath glas ar bhreis is 180 foirgneamh agus sainchomhartha tíre a bhfuil cáil orthu ar fud an domhain chun an ócáid a cheiliúradh. Den chéad uair in 2015, chuir líonra na nAmbasáidí dath glas ar Cholasaem na Róimhe, ar Chaisleán Dhún Éideann agus ar Chomhartha agus Líne an Mheánchiorcail in Uganda. Ghin an tionscnamh 'Glasú an Domhain' luach beagnach €10m poiblíochta d'Éirinn thar lear.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach: https://www.dfa.ie/ie/ar-rol-ar-mbeartais/tradail-agus-cur-chun-cinn/eire-a-chur-chun-cinn/la-fheile-padraig/