Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Bealtaine: An Chuairt a thug Li Keqiang, Príomh-Aire na Síne, ar Éirinn

Thug an Príomh-Aire Li Keqiang, an dara duine is sinsearaí i Rialtas na Síne, cuairt ar Éirinn den chéad uair i mí na Bealtaine 2015. Ina chuideachta bhí a bhean chéile, an tOllamh Cheng, mar aon le toscaireacht ina raibh 119 duine, lenar áiríodh ochtar Airí sinsearacha de chuid Rialtas na Síne mar aon le hoifigigh agus daoine de lucht meán na Síne.

Chinese Premier Li Keqiang’s visit to Ireland

Tháinig cuairt an Phríomh-Aire Li sna sála ar an gCuairt Stáit a thug an tUachtarán Ó hUigínn ar an tSín i mí na Nollag 2014, agus bhí sí dírithe go mór ar thrádáil agus ar thalmhaíocht. Is mór an tairbhe a bhaineann Éire agus an tSín araon as an gcaidreamh geilleagrach idir an dá thír: tá breis is 10,000 duine fostaithe sa tSín ag 92 cuideachta Éireannach, agus b'fhiú beagnach €8 billiún an trádáil dhéthaobhach iomlán in 2014. In 2015, b'fhiú €654 milliún onnmhairithe bia agus dí na hÉireann chun na Síne, méadú 26% i gcomparáid le 2014.

Thug an Taoiseach agus an Príomh-Aire Li cuairt ar fheirm i gContae Mhaigh Eo, feirm le muintir Garvey, ionas go bhfeicfeadh an Príomh-Aire lena shúile féin earnáil agraibhia ardcháilíochta na hÉireann agus chun cuidiú Éire a chur chun cinn mar cheann scríbe turasóireachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Le linn na cuairte ar an bhfeirm, cuireadh taispeántas ar bun de cheol agus rince traidisiúnta na hÉireann, ina gcuirtear an-suim ar fad sa tSín.

I ndiaidh na cuairte sin, thionóil an Taoiseach agus toscaireacht Airí Rialtais Éireannacha cruinniú déthaobhach leis an bPríomh-Aire Li agus an toscaireacht Airí Rialtais de chuid na Síne i gCaisleán Cheapach Corcóige. Rinneadh deiseanna a scrúdú i dtaobh cur leis an trádáil idir Éire agus an tSín, agus pléadh saincheisteanna a bhaineann le cearta an duine, leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an athrú aeráide.

Le linn na cuairte freisin, síníodh meabhrán tuisceana ar an gcomhar i gcúrsaí talmhaíochta, lena chinntiú gur féidir le hÉirinn leanúint ar aghaidh ag leathnú a caidrimh trádála le comhpháirtí tosaíochta trádála agus ag cur dlús faoin gcaidreamh sin. Lena chois sin, cuireadh i gcrích comhaontú um tharscaoileadh víosaí taidhleoireachta idir Éire agus an tSín, atá ceaptha chun éascú do níos mó malartuithe oifigeach.