Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

2015: Bliain Dearaidh na hÉireann

Clár 12 mhí a bhí i gceist le Bliain Dearaidh na hÉireann 2015 (ID2015) faoinar cuireadh breis is 600 imeacht agus gníomhaíocht ar bun agus faoinar cuireadh breis is 2,000 dearthóir Éireannach i láthair lucht féachana ina raibh breis is 1.4 milliún duine ar fud an domhain. Díríodh ar éachtaí a baineadh amach sa dearadh in Éirinn, idir bheochan agus ailtireacht, idir fhaisean agus troscán, agus ar nuálaíocht sa leigheas agus san innealtóireacht.

The Year of Irish Design

Is í Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann a d'ullmhaigh clár ID2015, agus chuir an Roinn agus líonra domhanda Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann chun cinn é thar lear. Trí shárthaispeántais a chur ar bun i bpríomhchathracha tábhachtacha dearaidh, imeachtaí líonraithe agus misin trádála a óstáil, agus caidreamh a chothú idir dearthóirí, díoltóirí agus ionadaithe tionscail ar fud an domhain, chuireamar leis an bhfeasacht ar an dearadh Éireannach, mar ghné bhunúsach dár gcultúr agus mar rud a spreagann an fás geilleagrach.

San iomlán, thacaigh líonra na nAmbasáidí agus na gConsalachtaí le breis is 100 imeacht agus gníomhaíocht trínar cuireadh chun cinn ID2015 agus trínar léiríodh os comhair an tsaoil sármhaitheas agus cumas nuálaíochta na hÉireann i dtaobh dearaidh.  Thaistil capsúl speisialta Connections a rinne ionadaíocht ar dhearthóirí agus tionscadail Éireannacha go dtí ceithre chathair is fiche ar fud an domhain, Stócólm, Nua-Eabhrac, Sydney agus Tóiceo ina measc.  Bhí an taispeántas dírithe ar 'Saol agus Dul chun Cinn' agus 'Sochaí agus Cultúr' na hÉireann agus bhí leabharlann ina chuid de inar cuireadh i láthair forléargas ar stair agus forbairt an dearaidh in Éirinn.

Faoi dheireadh na bliana ID2015, cláraíodh 370 cuideachta dhearaidh nua, tugadh cúnamh do 476 dearthóir freastal ar imeachtaí trádála dearaidh thar lear, agus gineadh breis is €24m ó onnmhairí a bhí bunaithe ar dhearadh. Thacaigh na nithe sin go léir le Plean Gníomhaíochta an Rialtais do Phoist.

Tá tuilleadh sonraí faoi imeachtaí ID2015 ar an láithreán gréasáin faoin Dearadh Éireannach ag www.irishdesign2015.ie

Tá tuairisc iomlán ar ghníomhaíochtaí ID2015 de chuid na nAmbasáidí agus na gConsalachtaí le léamh ag https://www.dfa.ie/our-role-policies/our-work/casestudiesarchive/2016/january/id2015-irish-embassy-events/