Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Samhain: Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain 2015

Ireland’s Entrepreneurs Session at the Fourth Global Irish Economic Forum, Dublin Castle

Tionóladh an 4ú cruinniú d'Fhóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 20 agus an 21 Samhain 2015.  Cuireadh ceithre chruinniú réigiúnacha den Fhóram ar bun i nDoire, Luimneach, Laois agus Gaillimh ar an 19 Samhain.

Ghlac breis is 350 duine páirt i bhFóram na bliana 2015 ó Líonra Éireannaigh an Domhain – ina bhfuil daoine tábhachtacha, idir Éireannaigh thar lear agus eachtrannaigh a bhfuil ceangal acu le hÉirinn, a thugann saineolas luachmhar agus dearcadh idirnáisiúnta d'Éirinn – mar aon le hionadaithe eile ó earnálacha an ghnó, na teicneolaíochta, an oideachais, an chultúir agus an rialtais.

Bhí idir sheisiúin phainéil, díospóireachtaí painéil, agus seisiún earnála ar an imeall i gceist i gclár an Fhóraim, trínar díríodh ar thrí théama a chuideoidh linn cruth a chur ar Éirinn sna blianta amach romhainn:

  • Forbairt Gheilleagrach – an fás inbhuanaithe a chur chun cinn sa mheántréimhse agus san fhadtréimhse;
  • Éire a Shamhlú as an Nua – oidhreacht a chruthú do na glúine atá le teacht inár ndiaidh; agus,
  • Ionad na hÉireann ar domhan – conas mar a thugann ár n-oileán domhanda faoi dhúshláin idirnáisiúnta.

Bhí díospóireacht an Fhóraim dírithe ar roinnt earnálacha ardfháis a bhfuil an deis ann poist a chruthú iontu, lena n-áirítear seirbhísí airgeadais, oideachas idirnáisiúnta, taighde agus nuálaíocht, agraibhia agus an geilleagar cruthaitheach. Leag na rannpháirtithe béim ar an tábhacht a bhaineann lena chinntiú gur féidir le hÉirinn deiseanna a thapú i ngach ceann de na réimsí sin de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn.

Mar a bhí amhlaidh i bhfóraim roimhe seo, mhol rannpháirtithe ceisteanna a d'fhéadfaí obair leantach a dhéanamh ina dtaobh. Cuirfidh Ranna Rialtais agus Gníomhaíochtaí Stáit ábhartha iad sin chun cinn, agus beidh an tAonad um Éireannaigh Thar Lear de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag féachaint ina ndiaidh freisin. Tá cuid acu feicthe cheana féin i dtionscnaimh a d'fhógair an Rialtas amhail Food Wise 2025 agus Straitéis 2020 um Sheirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta.

Tá tuairisc iomlán ar Fhóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain 2015 le léamh ag https://www.dfa.ie/ie/eireannaigh-an-domhain/gno/lionra-domhanda-na-heireann/