Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Cúrsaí Eitlíochta in 2015

Aviation in 2015

I mí Lúnasa 2015, sheol an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Paschal Donohue T.D., an chéad Bheartas Náisiúnta Eitlíochta de chuid na hÉireann. Mór-earnáil is ea an eitlíocht i ngeilleagar na hÉireann, a chuireann thart ar €4.1bn leis an OTI ar bhonn díreach agus a thacaíonn le 26,000 post ar bhonn díreach agus 16,000 post eile i slabhra an tsoláthair.

Seo a leanas roinnt buaicphointí dár gcuid oibre chun tacú leis an mBeartas Náisiúnta Eitlíochta nua agus le tionscal eitlíochta na hÉireann ar feadh na bliana 2015:

  • I mí na Bealtaine, thug an táire Stáit Seán Sherlock T.D., aitheasc ag an tríú Dinnéar Líonraithe Bliantúil Eitlíochta agus Aeraspáis ag Ambasáid na hÉireann i Londain agus thug sé faoi shraith lae coinní le cliantchuideachtaí de chuid Fhiontraíocht Éireann agus le príomhchuideachtaí eitlíochta agus aeraspáis atá lonnaithe i réigiún lártíre Shasana.
  • I mí an Mheithimh, bhí an tAire Stáit Sherlock i gceannas ar thoscaireacht na hÉireann chuig Seó Eitleoireachta Idirnáisiúnta Pháras, chun tacú le seacht gcuideachta Éireannacha in earnáil an aeraspáis agus an tsoláthair eitlíochta.
  • I mí an Mheithimh 2015 freisin, chuir Ethiopian Airlines tús le seirbhís nua a d'eitil trí huaire sa tseachtain idir Addis Ababa, Baile Átha Cliath agus Los Angeles. Bhí Ambasáid na hÉireann in Addis Ababa agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag obair i ndlúthpháirt le Ethiopian Airlines, le Rialtas na hAetóipe agus leis na húdaráis chuí ar thaobh na hÉireann chun an bealach nua a chur ar bun, atá ar an gcéad seirbhís ar sceideal idir Éire agus an Afraic. Cuireadh i gcrích Comhaontú um Chánachas Dúbailte agus Comhaontú Iompair déthaobhach leis an Aetóip, i measc na bpríomhionstraimí beartais i dtaobh éascú don ghnó.
  • Mar aitheantas ar an ról láidir atá ag Éirinn maidir le ligean aerárthach ar léas ar fud na cruinne, ghlac oifigeach de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus bainisteoir sinsearach ó Avolon Aircraft Leasing páirt sa chéad chlár straitéiseach a chuir an Roinn ar bun maidir le malartú ball foirne idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach in 2015. A bhuí leis an gclár, tá tuiscint níos fearr ag an Roinn ar na riachtanais atá ag cuideachtaí domhanda Éireannacha in earnáil na heitlíochta, earnáil atá tábhachtach ó thaobh straitéise.