Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Meán Fómhair: Cuairt ó Narendra Modi, Príomh-Aire na hIndia

Ba mhór an onóir d'Éirinn é fáilte a chur roimh Narendra Modi, Príomh-Aire na hIndia, ar an 23 Meán Fómhair 2015, an chéad chuairt a thug Príomh-Aire Indiach orainn ó tháinig Jawalarlal Nehru in 1956.

Prime Minister Narendra Modi of India at Government buildings with Taoiseach Enda Kenny being presesnted with a hurl and sliotar. Photo: Maxwells Dublin

In ainneoin achar fada a bheith eadrainn, tá stair na hÉireann agus na hIndia fite fuaite trína chéile. Bhíodh ceangal láidir idir na gluaiseachtaí Neamhspleáchais sa dá thír agus is láidir go fóill iad na naisc idir na daoine féin go dtí an lá atá inniu ann. Déanann an pobal Indiach cion mór ar mhaithe le sochaí na hÉireann, ó ghnólachtaí beaga teaghlaigh go dtí an earnáil TF agus go háirithe i réimse an chúraim sláinte ar fud na tíre seo.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua ag obair go crua chun neartú a dhéanamh ar an gcaidreamh trádála déthaobhaí idir Éire agus an India, atá ar cheann de na geilleagair is mó a bhfuil borradh faoi ar domhan. D'easpórtáil Éire luach níos mó ná €55m de tháirgí dúchasacha chun na hIndia in 2015, agus is faoi úinéireacht Éireannach nó á n-oibriú ó Éirinn tá 40% de na haerárthaigh thráchtála ar léas atá á n-úsáid san India. In 2015 freisin, thug breis is 25,000 de mhuintir na hIndia cuairt ar Éirinn agus tháinig 2,000 Indiach ag staidéar anseo ar an tríú leibhéal. Tá acmhainn shuntasach ann i dtaobh cúrsaí trádála agus turasóireachta a fhorbairt arís eile, toisc go bhfuil meánaicme na hIndia ag dul i méid go mór i measc daonra iomlán 1.2 billiún duine.

D'óstáil an Taoiseach Enda Kenny lón oibre don Phríomh-Aire Modi agus dá thoscaireacht. Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Charles Flanagan i láthair ag an lón sin freisin, mar aon leis an Aire Sláinte, Leo Varadkar agus an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O'Sullivan. Bhí réimse saincheisteanna faoi chaibidil, lena n-áirítear cúrsaí trádála, beartas víosa, ceisteanna dí-armála agus athchóiriú ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Ina theannta sin, neartaigh an chuairt an t-iomrá atá ar Éirinn san India; tá breis is 20 milliún duine i measc lucht leanúna an Phríomh-Aire Modi ar Twitter.