Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta in 2015
I mí an Mhárta 2015, sheol an Rialtas Straitéis nua i ndáil le Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta, IFS2020, d'fhonn 10,000 post nua a chruthú san earnáil sin faoi 2020.
Bhí ról gníomhach ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maidir le IFS2020 a chur i dtoll a chéile, agus leas á bhaint aici as comhairle ó líonra na nAmbasáidí agus as an taithí atá acu. Táimid inár bpáirtí leasmhar tábhachtach maidir le cur chun feidhme na straitéise go fóill, tríd an obair atá fós ar bun againn sa cheanncheathrú agus thar lear i gcomhar lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Airgeadais, i bhFiontraíocht Éireann agus in GFT Éireann.
Ar feadh na bliana, d'oibrigh an Roinn agus líonra na nAmbasáidí chun tairiscint na hÉireann i dtaobh seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta a chur chun cinn in áiteanna tábhachtacha ar fud an domhain. Chuamar i gcomhairle le Rialtais áitiúla i dtaobh na gcreataí déthaobhacha a bhí de dhíth chun naisc a chothú i réimse na seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta, agus muid ag tacú le cuideachtaí Éireannacha ina gcuid iarrachtaí gnó nua a mhealladh agus teagmháil a dhéanamh le hinfheisteoirí ionchasacha.
I mí Dheireadh Fómhair, thug an tAire Flanagan cuireadh do Simon Harris T.D., a bhí an tráth sin ina Aire Stáit le freagracht as Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta, labhairt leis an gComhairle Trádála Easpórtála faoi IFS2020. Ina dhiaidh sin, ghlac an tAire Stáit Harris páirt i bplé painéil ag Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain a d'eagraigh an Roinn i mí na Samhna. Pléadh deiseanna amach anseo d'earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta na hÉireann agus cuireadh ionchur ar fáil i dtaobh gníomhaíochtaí straitéise nua a fhorbairt i gcomhair na bliana 2016.
Rinneadh dul chun cinn tábhachtach in 2015, ina raibh ról gníomhach ag an Roinn, nuair a cruthaíodh lógó agus branda meirge don tionscal, IFS Ireland. Tá sé ina chuspóir leis an mbranda meirge feabhas a chur ar an gcomhordú idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach agus muid ag iarraidh cur leis an iomrá idirnáisiúnta atá ar Éirinn mar láthair do chuideachtaí a bhíonn ag plé le seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta agus mar phríomhionad i leith sainseirbhísí airgeadais idirnáisiúnta. Bhíomar ag cuidiú freisin chun ullmhú do chéad Fhóram Airgeadais na hEorpa a tionóladh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Eanáir 2016, agus chuidíomar féachaint chuige go bhfreastalódh rannpháirtithe agus toscairí idirnáisiúnta ardleibhéil ó na Stáit Aontaithe, an Áise agus gach cearn den AE ar an bhfóram.
Léiríodh i dtuarascáil Ráithe 4 2015 ar chur chun feidhme IFS2020 go raibh líon na bpost i bpunanna seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta Fhiontraíocht Éireann agus GFT Éireann méadaithe ó 35,448 ag deireadh na bliana 2014 go dtí 38,056 ag deireadh 2015. B'ionann an líon breise post sin – 2,608 post – agus méadú 7.4% san earnáil.