Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Meitheamh: Freagairt don Tragóid in Berkeley

Ar an 16 Meitheamh 2015, thug balcóin ar fhoirgneamh árasán uaithi go tobann in Berkeley, California, rud a spreag an phráinnfhreagairt chonsalachta ba mhó a raibh an Roinn i gceannas uirthi ón uair a tharla an súnámaí san Áise in 2004.  Fuair seisear Éireannach óg bás an oíche sin, agus gortaíodh seachtar eile go dona.

The Berkeley Tragedy

Cuireadh Ard-Chonsal na hÉireann in San Francisco, Philip Grant, ar an eolas faoin tubaiste chomh luath is a thuig na céadfhreagróirí in Berkeley gur mic léinn Éireannacha ar víosaí J1 a bhí maraithe agus gortaithe. Bíonn thart ar 1,000 mac léinn Éireannach ar víosaí J1 in Berkeley agus in San Francisco gach samhraidh, rud a d'fhág go raibh líon mór teaghlach a d'fhéadfadh a bheith buailte ag an tubaiste, agus léirigh an imní an-mhór in Éirinn an méid sin.   

Laistigh d'uair an chloig bhí an bhuíon iomlán foirne i láthair in Ionad Géarchéime na Roinne agus iad faoi lán seoil. Ba ghearr gur thosaigh na céadta glaonna ón bpobal ag teacht isteach in aghaidh na huaire, agus d'fhan an tIonad Géarchéime ar oscailt de lá agus d'oíche ar feadh 72 uair an chloig ina dhiaidh sin. Bhí an fhoireann ag obair le teaghlaigh bhuartha chun a fháil amach cá raibh a ndaoine muinteartha agus cén chaoi an raibh siad, agus chun cúnamh a thabhairt do na teaghlaigh a bhí buailte ag an tubaiste. 

In San Francisco, thug an Chonsalacht tacaíocht phraiticiúil do theaghlaigh na mac léinn a fuair bás, agus threoraigh sí iad i dtaobh a ndaoine muinteartha a thabhairt abhaile. Chabhraigh sí leis na mic léinn a bhí gortaithe agus lena dteaghlaigh agus iad ag teacht chucu féin. Bhí an Chonsalacht agus an tIonad Tréadach um Inimirce Éireannach ag obair as lámha a chéile agus iad i mbun fhreagairt an phobail Éireannaigh i gCeantar an Chuain a tháinig le chéile chun cuidiú leis na céadta mac léinn eile ar víosaí J1 ar theastaigh aire agus tacaíocht uathu agus iad i bhfad ó bhaile.

I mí na Nollag 2015, bronnadh gradam 'Duine Idirnáisiúnta na Bliana' ar an Ard-Chonsal Grant agus ar an Athair Brendan McBride, ón Ionad Tréadach um Inimirce Éireannach. Ghlac siad leis an onóir sin thar cheann fhoireann na Consalachta agus na Roinne agus thar ceann na gcéadta daoine den phobal Éireannach in San Francisco a thug an oiread cúnaimh dár mic léinn J1 agus dá gcuid teaghlach, agus an chuid is fearr de mheon an Diaspóra Éireannaigh á léiriú acu.