Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Bealtaine: An Chuairt a thug Prionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine ar Éirinn

Visit to Ireland by Prince of Wales and Duchess of Cornwall – May 2015

Leis an gcéad chuairt a thug Prionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine ar Éirinn le chéile i mí na Bealtaine 2015, rinneadh ceiliúradh ar an dlúthchairdeas idir Éire agus an Bhreatain.

Tháinig an chuairt sin sna sála ar an gcuairt a thug an Bhanríon Eilís ar Éirinn in 2011, agus ar an gcuairt a thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar an Ríocht Aontaithe in 2014.

Ar chlár na cuairte sin – cuairt a bhí dírithe ar théamaí na síochána agus an athmhuintearais – bhí coinní ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Foras na Mara, talamh feirme Shliabh Cairn sa Bhoirinn, Amharclann an Druid i nGaillimh, an Model/Niland Gallery agus Institiúid Teicneolaíochta Shligigh, chomh maith le Teach Lios an Daill agus Ráschúrsa Shligigh.

Áiríodh sa chlár freisin seirbhís ar son na síochána agus an athmhuintearais ag Eaglais Cholm Chille, Droim Chliabh agus cuairt ar shráidbhaile an Mhullaigh Mhóir i gCo. Shligigh.

Bhí an-suim go deo ag na meáin sa chuairt sin, a chuir leis an iomrá atá ar iarthar na hÉireann thar lear, agus go háirithe Slí an Atlantaigh Fhiáin agus an ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha na hÉireann, le béim ar chothrom 150 bliain bhreith W.B. Yeats.