Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Aibreán: Comóradh 100 bliain ar Fheachtas Gallipoli

"... Inniu, léirímid an meas atá againn ar a gcuimhne siúd go léir ar cailleadh a n-acmhainneacht agus an gealladh a bhí fúthu in Gallipoli céad bliain ó shin."

An tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn, Aitheasc don Phobal Éireannach sa Tuirc – Iostanbúl, an 23 Aibreán, 2015

Commemorating Gallipoli

I mí Aibreáin 2015, chuaigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan TD, chuig an Tuirc chun freastal ar imeachtaí comórtha tráth a bhí céad bliain imithe tharainn ó tháinig trúpaí na gComhghuaillithe i dtír den chéad uair ar leithinis Gallipoli le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Bhí Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan, Fiúsailéirí Ríoga Inniskilling agus an 10ú Rannán (Éireannach) i measc na n-aonad de chuid Arm na Breataine a throid ag Gallipoli. Cé nárbh Éireannaigh iad na saighdiúirí go léir sna haonaid sin, meastar go raibh ar a laghad 3,500 fear ó gach cearn d'oileán na hÉireann ina measc siúd a maraíodh agus gur baineadh gortú do roinnt mílte Éireannach eile le linn an fheachtais.

Rinneadh an teacht i dtír in Gallipoli agus na cathanna a d'eascair as a chomóradh ag sé shearmanas, lena n-áirítear ceann a cuireadh ar bun ag Cape Helles ar an 24 Aibreán i gcuimhne rannpháirtíocht na dtrúpaí Éireannacha agus na dtrúpaí ó thíortha eile de chuid an Chomhlathais.

Agus é i gcuideachta Uachtarán na Tuirce, daoine de Theaghlach Ríoga na Breataine agus ionadaithe eile ó thíortha éagsúla, leag an tUachtarán Ó hUigínn bláthfhleasc ina gcuimhne siúd go léir a fuair bás le linn fheachtas Gallipoli.

Tá téacs iomlán an aithisc a thug an tUachtarán Ó hUigínn do Phobal na hÉireann sa Tuirc ar an 23 Aibreán 2015 le léamh ag http://www.president.ie/en/media-library/speeches/speech-at-a-reception-for-the-irish-community-in-turkey