Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Meitheamh: Fóram Saoránachta Éireannaigh an Domhain

Tionóladh an chéad chruinniú d'Fhóram Saoránachta Éireannaigh an Domhain i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 2015. Ba iad an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan T.D., agus an tAire Gnóthaí Diaspóra, Jimmy Deenihan T.D. a d'óstáil an ócáid, agus d'fhreastail níos mó ná 200 toscaire ó 140 eagraíocht as 17 dtír ar an bhFóram chun smaointe a chomhroinnt agus a phlé i dtaobh a bheith ag obair le diaspóra na hÉireann.

Global Irish Civic Forum

Cuireann na heagraíochtaí sin seirbhísí leasa agus tacaíochta ar fáil d'eisimircigh leochaileacha thar lear, eagraíochtaí a chuireann cultúir agus oidhreacht na hÉireann chun cinn, mar aon le líonraí gnó agus grúpaí atá dírithe ar Éirinn agus a bhíonn ag seasamh le heisimircigh Éireannacha.

Áiríodh leis na hábhair shonracha a pléadh na dúshláin atá le sárú ag daoine atá díreach imithe ar eisimirce ó Éirinn, na bealaí is fearr chun teagmháil a dhéanamh le daoine de dhiaspóra na hÉireann, agus conas tacú le folláine mheabhrach ár ndiaspóra. Rinneadh plé freisin faoi na dúshláin a bhíonn le sárú ag eisimircigh Éireannacha ar fhilleadh abhaile dóibh. Cuireadh ceardlanna ar bun ar rialachas, tiomsú airgid agus cumarsáid, chun foghlaim idir piaraí a spreagadh i measc eagraíochtaí.

Go leor de na grúpaí a ndearnadh ionadaíocht orthu, faigheann siad cistiú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach. In 2015, cuireadh cistiú €11.55 milliún ar fáil faoin gClár sin d'eagraíochtaí agus do thionscadail chun tacú le pobail Éireannacha thar lear agus chun éascú do naisc straitéiseacha nua a chothú idir Éire agus Éireannaigh an domhain.  

I measc na n-eagraíochtaí a fhaigheann cistiú faoin gClár tá cinn a sholáthraíonn seirbhísí leasa túslíne, faisnéis agus comhairle d'eisimircigh Éireannacha leochaileacha agus cinn a bhíonn i mbun tionscadail phobail agus tionscadail oidhreachta a neartaíonn an ceangal idir na pobail Éireannacha sa bhaile agus thar lear, agus a chuireann ar a gcumas do na hÉireannaigh thar lear a bhféiniúlacht chultúrtha a chur in iúl agus a chur chun cinn.

Ina theannta sin, tugadh tacaíocht faoin gClár do thionscadail atá dírithe ar naisc phraiticiúla, atá dírithe ar thorthaí, a chruthú idir Éire agus Éireannaigh an domhain, agus tionscadail a d'eascair as Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain. Tacaíodh faoin gClár freisin le roinnt líonraí Gnó Éireannaigh thar lear, líonraí atá luachmhar do lucht gnó agus gairmithe na hÉireann ar mian leo deiseanna a thapú lena gcruthófar acmhainn trádála agus infheistíochta d'Éirinn.

Tá na sonraí go léir faoi eagraíochtaí ar tugadh cistiú dóibh faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach in 2015 anseo: https://www.dfa.ie/media/dfa/alldfawebsitemedia/ourrolesandpolicies/theirishabroad/2015-Emigrant-Support-Programme-Funding.pdf.