Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Deireadh Fómhair: Seoladh Chárta Pas na hÉireann

Launching the Irish Passport Card

I mí Dheireadh Fómhair 2015, bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha ar domhan a sheol Cárta Pas.

Agus Cárta Pas acu, is féidir le saoránaigh na hÉireann taisteal go dtí 31 tír, lena n-áirítear ballstáit an Aontais Eorpaigh, na tíortha atá i Limistéar Eacnamaíochta na hEorpa, agus an Eilvéis, gan aon ghá a leabhar pas a bheith acu leo.  Is féidir iarratas a dhéanamh ar an gcárta nua ar líne, nó trí aip speisialta trínar féidir le saoránaigh Éireannacha iarratas a dhéanamh díreach óna gcuid gléasanna móibíleacha.  

Dearadh an Cárta Pas sa chaoi is gur féidir é a chur isteach i ngnáthsparán ar bith, ionas gur furasta agus gur sábháilte é a iompar agus duine ag taisteal. Is mór an cúnamh é go háirithe ina gcás siúd a bhíonn ag taisteal go minic nó ag dul i bhfad i gcéin, toisc gur féidir taisteal san Eoraip leis a fhad is a bhíonn an pas féin á choinneáil in ambasáidí eachtracha chun víosa a phróiseáil. Is féidir an cárta a úsáid mar dhoiciméad aitheantais nó mar chruthúnas aoise freisin, sa bhaile agus thar lear, rud a fhágann nach gá do shaoránaigh Éireannacha leabhar pas a bhreith leo agus dul sa seans go ligfí amú é nó go ngoidfí é, rud a chuirfeadh ualach ama agus airgid orthu.

Chuir breis is 13,000 duine isteach ar an gCárta Pas sna trí mhí dheiridh de 2015. Léiríonn an tionscadal a thiomanta atá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála do leathnú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí poiblí trí na meáin ar líne agus na meáin mhóibíleacha.

Bhí baint ag roinnt de phríomhchuideachtaí na hÉireann i réimse na teicneolaíochta agus an chlóbhuailte shláin le dearadh agus táirgeadh an Chárta. A bhuí leis an dearadh nua seo, lena n-áirítear an chéad úsáid a baineadh riamh as grianghraif holagraim leabaithe ar dhoiciméad taistil, tá Éire ar thús cadhnaíochta i dtaobh na nuálaíochta sa réimse seo.

Chun tuilleadh eolais a léamh, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh ar chárta, cliceáil anseo: www.dfa.ie/ie/phascharta