Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Yeats 150 á Cheiliúradh

"There is no truth saving in thine own heart…for words alone are certain good”

The Song of the Happy Shepherd, W.B. Yeats

Yeats 150

In 2015, bhí 150 bliain imithe tharainn ó rugadh an file cáiliúil William Butler Yeats, a bhfuil ainm in airde air in Éirinn agus ar fud an domhain. Thacaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála le clár gníomhaíochtaí ar fud an domhain, a bhí ceaptha in onóir na hócáide, chun teacht leis an gceiliúradh a bhí ar siúl ar fud na hÉireann.

Trínár líonra de 80 Ambasáid agus Consalacht, bhíomar ag obair i ndlúthpháirt le comhpháirtithe idirnáisiúnta i ndáil le níos mó ná 100 imeacht thar lear a eagrú agus éascú dóibh. Rinneadh réimse agus doimhneacht shaothar Yeats a cheiliúradh agus díríodh aird ar fud na cruinne ar oidhreacht Yeats agus músclaíodh spéis ann i measc lucht léitheoireachta nua. I measc na n-imeachtaí sin bhí léamha agus léirithe ceoil, taispeántais, léachtaí, agus comhdhálacha agus siompóisiamaí acadúla idirnáisiúnta. Foilsíodh aistriúcháin nua ar fhilíocht le Yeats freisin, agus cuireadh taispeántais fheiceálacha filíochta ar bun ar an ngréasán traenacha faoi thalamh i Londain agus in Shang-hai.

Bhí an-tóir go háirithe ar thaispeántas taistil na Roinne, “The Life and Works of WB Yeats”, a bhí bunaithe ar thaispeántas a ndearna Leabharlann Náisiúnta na hÉireann coimeádaíocht air. Aistríodh isteach in 11 teanga é, agus cuireadh ar taispeáint é ar fud cúig mhór-roinn i rith na bliana 2015, os comhair lucht féachana ó Mheicsiceo chomh fada le Mainile. Cuireadh clabhsúr ar an gclár i mí na Nollag nuair a rinneadh aithris ar fud an domhain ar ‘The Lake Isle of Innisfree’, ina raibh an tAire Flanagan páirteach freisin. Tá tuairisc iomlán ar na gníomhaíochtaí sin ar an láithreán gréasáin dár gcuid. 

Rinneadh an-trácht ar an gclár imeachtaí agus gníomhaíochtaí sna meáin thar lear i rith na bliana, agus rinneadh an clúdach sin a threisiú de bharr na n-agallamh a rinneadh le hAirí Éireannacha a bhí ag tabhairt cuairte ar thíortha éagsúla agus le hAmbasadóirí Éireannacha sna tíortha féin.  Chuaigh an tionscnamh i gcion ar na meáin shóisialta go háirithe, agus tvuíteáil Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine Móire, Dan Mulhall, sliocht as saothar Yeats gach lá ar feadh na bliana 2015 faoin haischlib #yeats150. Chuidigh iarrachtaí na Roinne le foireann fhoriomlán an tionscadail nuair a bhuaigh sí Gradam Ríomhrialtais na hÉireann 2016 i gcomhair na Meán Sóisialta, as ucht líon mór na ndaoine a ndeachaigh an tionscadal i bhfeidhm orthu.