Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Márta: Éireannaigh an Domhain: Beartas na hÉireann maidir leis an Diaspóra

I mí an Mhárta 2015, sheol an Taoiseach, Enda Kenny T.D., an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, T.D., an Tánaiste Joan Burton T.D., agus an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra, Jimmy Deenihan, T.D., 'Éireannaigh an Domhain: Beartas na hÉireann maidir leis an Diaspóra'.

The Global Irish - Ireland's Diaspora Policy

Ráiteas cuimsitheach, nuashonraithe is ea Éireannaigh an Domhain i dtaobh bheartas Rialtas na hÉireann ar an gcaidreamh atá againn leis an diaspóra. Tugann an beartas sin an bunús dúinn chun dul i mbun bealaí nua rannpháirtíochta leis na hÉireannaigh thar lear agus tá sé ina chuspóir leis naisc a neartú.

Ina theannta sin, leagtar amach sa bheartas roinnt tionscnamh nua, amhail Ciste Meán Éireannaigh an Domhain chun tacú le clúdach na meán cumarsáide ar an diaspóra agus ar eispéireas na n-eisimirceach, Campa Samhraidh Éireannaigh an Domhain agus Ciste Dúshláin do Chéimithe Éireannacha an Domhain chun cistiú tacaíochta a thabhairt d'institiúidí Éireannacha a bhfuil sé ina sprioc acu céimithe a chur thar lear ag obair.

Foilsíodh láithreán gréasáin nua d'Éireannaigh an Domhain freisin – https://www.dfa.ie/ie/eireannaigh-an-domhain. Tá a lán eolas praiticiúil ar an láithreán gréasáin sin do lucht an diaspóra, i ndáil le seirbhísí tacaíochta, cur fút thar lear, a bheith i dteagmháil le daoine sa bhaile agus filleadh abhaile ar Éirinn.

Tá cur chun feidhme an bheartais á threorú ag Coiste Idir-rannach ar an Diaspóra ina ndéantar ionadaíocht ar Aonad na Roinne um Éireannaigh thar lear, líonra Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann agus Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit ábhartha eile.

In 2015, de bharr chur chun feidhme an Bheartais Diaspóra, baineadh amach roinnt éachtaí tábhachtacha, lena n-áirítear:

  • Tionóladh an chéad chruinniú d'Fhóram Saoránach Éireannaigh an Domhain i mí an Mheithimh in Éirinn;
  • Tionóladh an chéad Fhóram Parlaiminteach de chuid Éireannaigh an Domhain i mí Mheán Fómhair;
  • Tionóladh Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain den cheathrú huair i mí na Samhna;
  • Seoladh Ciste Meán Éireannaigh an Domhain i mí na Nollag