Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Brendan Scannell

IarAmbasadóir na hÉireann chuig an Eastóin

In 2015, dhún mé an doras i gCóbanhávan ar mo shaol oibre 42 bliana leis an Roinn.

Tá áthas orm a rá go leanann an saol ar aghaidh tar éis a bheith sa Roinn. Bhí an t-ádh orm an seans a bheith agam deiseanna gairmiúla nua a thapú san earnáil chorparáideach agus in earnáil an daonchairdis. D'fhág sé sin gur fhéad mé úsáid mhaith a bhaint as a lán de na scileanna a d'fhoghlaim mé agus mé ag obair sa Roinn – cibé an ag cur na hÉireann chun cinn mar áit ghnó é nó ag réiteach fadhbanna do chuideachtaí coigríche.

Thosaigh mé i mbun oibre sa Roinn Gnóthaí Eachtracha in 1972, mar dhuine den bhuíon nua a fostaíodh an tráth sin nuair a bhí an Bhreatain agus Éire ag dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Féach anois roth mór an tsaoil: tá an Roinn á múscailt féin arís chun déileáil le scor na Ríochta Aontaithe ón gComhphobal céanna sin.

Meabhraíonn sé sin dúinn freisin – in ainneoin an domhain athraithe ina gcónaímid – go bhfuil ár gcuid taidhleoirí ag teastáil go fóill, díreach mar a bhí amhlaidh an uair sin. Is ionann an taidhleoireacht, is dócha, agus foireann peile Chiarraí – ní imíonn sí uainn choíche i ndáiríre.