Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Alan Farrelly

Ambasáid na hÉireann, An Téalainn

I mo cháil mar Leas-Cheannaire an Mhisin in Bangkok, bhí deis iontach agam Ambasáid nua a bhunú i gceann de na cathracha is spreagúla agus is dinimiciúla san Áise. Rith sé liom go gairid tar éis dom a theacht chun na Téalainne go raibh deiseanna iomadúla le tapú i dtír atá ag forbairt go tréan, ach freisin nach raibh mórán cur amach ag an bpobal i gcoitinne ar Éirinn – is iomaí ceist a cuireadh orm faoin drochaimsir agus faoi bholcáin – agus nach raibh cur amach iontach ag an rialtas ná ag daoine den lucht cinnteoireachta agus an lucht tionchair ar an tír seo ach an oiread. Is mór ag muintir na Téalainne clú agus caidreamh, agus cuid mhór de mo ról is ea é caidreamh a chothú a chuideodh linn cur le hiomrá na hÉirinn ansin.

Chun an leas is fearr a bhaint as na deiseanna in earnálacha ar nós an oideachais agus na turasóireachta, bhí mé ag obair i ndlúthpháirt le daoine de mhuintir na Téalainne a raibh ceangal éigin acu le hÉirinn, lena n-áirítear daoine ón Téalainn a d'fhreastail ar ollscoileanna in Éirinn. Bhí an-fhonn orthu siúd cuidiú leis an Ambasáid i ndáil le tír a raibh meas acu uirthi a chur chun cinn. Ina theannta sin, shocraigh an Ambasáid cuairteanna ar Éirinn d'oifigigh Rialtais, d'ionadaithe na meán cumarsáide, agus do Bhord Trádála na Téalainne. Tógann sé am caidreamh agus iomrá a chothú i dtír nua, agus is éasca i bhfad an cúram é má bhímid ansin ar an láthair.

Bhain mé sásamh as a bheith sa tír ag tús an phróisis sin. Bhíomar ar cheann de thrí mhisean taidhleoireachta nua de chuid na hÉireann a osclaíodh sa réigiún thart ar an am sin, agus cé go mbíonn dúshlán i gceist le bheith i measc na gcéad daoine ar an láthair, d'fhág an tacaíocht agus an cairdeas idir Bangkok, Hong Cong agus Iacárta gur bhaineamar an-sult as an obair.