Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Emile Makhlouf

Oifig Ionadaí na hÉireann, Ramallah

Ba é buaicphointe na bliana domsa bailchríoch a chur ar an Straitéis Tíre 2015 – 2018, ina leagtar amach ár gcuid rannpháirtíochta leis an bPalaistín.  D'ullmhaigh an Misean an straitéis sin i ndlúthchomhairle leis an gceanncheathrú agus faoi réim beartais na gcáipéisí An tOileán Domhanda agus Domhan Amháin, Todhchaí Amháin. Tá aird inti freisin ar Phlean Forbartha Náisiúnta na Palaistíne.

Spreagtar rannpháirtíocht na hÉireann sa réimse sin mar gheall ar an tábhacht mhór a bhaineann le Próiseas Síochána an Mheánoirthir i dtaobh na polaitíochta. Tugtar aghaidh sa Straitéis Tíre ar shaincheisteanna polaitiúla agus saincheisteanna daonnúla/forbartha.

Bíonn mo réimse oibre féin dírithe ar ghnéithe daonnúla agus forbartha. Áirítear leis sin tacaíocht dhaonnúil dhíreach do na daoine is mó a dteastaíonn sí uathu, go háirithe do dhídeanaithe Palaistíneacha, arna seachadadh trí UNRWA ar fud na gcúig réimse oibríochta dá chuid. Tá 5 mhilliún dídeanaí ón bPalaistín cláraithe anois in Iordáin, sa Liobáin, sa tSiria, sa Bhruach Thiar agus i Stráice Gaza.

I measc na ngníomhaíochtaí maidir le Feabhas ar Fhorbairt an Duine tá tacaíocht don tsochaí shibhialta in Iosrael agus sa Phalaistín araon lena léirítear an tiomantas atá ag Éirinn le fada an lá do bhunú stáit cheannasaigh Phalaistínigh atá inmharthana, a mbeidh síocháin idir é agus Stát Iosrael. Is léir go dtagann an dá réimse gníomhaíochta sin trasna ar a chéile agus go gcomhlánaíonn siad a chéile cuid mhór.