Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Teresa Sweeney

An Rannán Acmhainní Daonna, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Bliain thar a bheith gnóthach a bhí againn in 2015 in Acmhainní Daonna II, ina ndéantar comhordú ar shocrúcháin chuig misin taidhleoireachta na hÉireann ar fud an domhain do bhaill foirne ó na Ranna Rialtais ar fad. Bíonn suas le nócha ball foirne ar socrúchán thar lear ag sé cinn déag de Ranna Rialtais eile tráth ar bith; má chuirtear baill foirne na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála san áireamh freisin, fágann sé sin go mbímid freagrach go hiondúil as ar a laghad 300 duine ar socrúchán thar lear ó Éirinn.

San iomlán, d'aistrigh 270 oifigeach ó áit amháin go háit eile in 2015, agus cuireadh líon mór socrúchán gearrthéarmach ar bun freisin.  Tá a lán tascanna éagsúla a ghabhann le gach aistriú agus gach socrúchán, lena n-áirítear eitiltí a chur in áirithe, cóiríocht shealadach a eagrú don fhoireann, agus a bheith ag déileáil le léasanna.

Ceann de na gnéithe suimiúla den phost is ea a bheith seasta i dteagmháil le baill foirne ar fud an domhain. I mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh, bhí mé ag obair ar sheacht gcinn de sheisiúin faisnéise réamhshocrúcháin d'oifigigh a bhí chun dul thar lear. Is iontach an deis é sin chun aithne a chur ar chomhghleacaithe ar fud na Roinne agus na Státseirbhíse. Bíonn mise agus mo chomhghleacaithe ar cheann de na naisc is tábhachtaí idir oifigeach agus an baile agus é nó í ar socrúchán thar lear.