Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Eilís O’Neill

Ambasáid na hÉireann, An Spáinn

I mo cháil mar Bhainisteoir Consalachta ag Ambasáid na hÉireann i Maidrid, tá sé de chúram orm tacaíocht bhainistíochta a thabhairt don fhoireann consalachta ag an Ambasáid, arb í an misean consalachta is gnóthaí de chuid na hÉireann í. Bíonn fonn ar a lán daoine cuairt a thabhairt ar an Spáinn agus gach bliain déileálaimid le timpeall is cás amháin as gach ceithre cinn de líon iomlán na gcásanna consalachta ina mbíonn saoránaigh na hÉireann ar fud an domhain. Cé nach mbíonn stró ar bith ar shaoránaigh Éireannacha de ghnáth agus iad ar saoire nó ag maireachtáil thar lear, bíonn foireann tiomnaithe na hAmbasáide, atá dírithe ar sheirbhís do chustaiméirí, seasta réidh chun lámh chúnta a thabhairt má bhíonn rud ar bith cearr. In 2015, thugamar cúnamh i dtaobh bás 73 saoránach Éireannach agus 50 cás gabhála, mar aon le cásanna ina mb'éigean do dhaoine dul ag an ospidéal.

Bímid ag obair i ndlúthpháirt leis na húdaráis áitiúla agus féachaimid i gcónaí le heolas consalachta agus comhairle taistil cothrom le dáta a thabhairt dár saoránaigh. Chomh maith le tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá i gcruachás sa Spáinn, tugaim cúnamh maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí pasanna agus víosaí na hAmbasáide, mar aon le seirbhísí eile de chuid na hAmbasáide i ndáil le saoránacht agus deimhnithe.