Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Sharon Lennon

An tArd-Chonsal, São Paulo

D'fhill mé ar an mBrasaíl ag tús na bliana 2015 chun an Ard-Chonsalacht nua a oscailt in São Paulo.  Ba chúis bhróid agus spreagtha dom gur ainmníodh i m'Ard-Chonsal mé, ach bhí maolú éigin air sin mar gur thuig mé cén obair chrua a bhaineann le láithreacht a bhunú d'Éirinn i gceann de na cathracha is mó agus is casta ar domhan. Ba ghearr go rabhamar sáite san obair: buanáitreabh oifige á aimsiú, dlúthchaidreamh oibre á bhunú le Fiontraíocht Éireann, GFT Éireann agus Education in Ireland, agus treisiú á dhéanamh ar ár gcuid rannpháirtíochta leis an bpobal Éireannach.

Ní raibh ach sé seachtaine imithe tharainn anseo nuair a bhí cuairt ón Aire Oideachais eagraithe againn agus Fáiltithe Lá Fhéile Pádraig agus ócáidí Glasaithe curtha ar bun againn in São Paulo agus in Rio de Janeiro. Ar feadh na bliana thacaigh an Chonsalacht le gníomhaíochtaí cultúrtha éagsúla, dhá mhisean trádála oideachais, dhá chuairt ó GFT Éireann agus Fiontraíocht Éireann agus cuairteanna ullmhúcháin i gcomhair na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha in Rio. Rinneadh dul chun cinn maidir le bunú 'Áras na hÉireann' in São Paulo freisin.

Bíonn dúshlán i gceist le misean taidhleoireachta nua a bhunú, agus is cúis díomá dúinn na céimeanna ar gcúl díreach mar is cúis áthais é an dul chun cinn. Ach tá tionchar dearfach na hoibre crua a rinneamar feicthe agam féin – maidir le tacú le cuideachtaí Éireannacha sa mhargadh áitiúil, cuidiú le hinstitiúidí ardoideachais agus scoileanna teanga Éireannacha mic léinn a mhealladh ón mBrasaíl agus teagmháil a bhunú le rialtais stát agus le húdaráis bhardasacha, meithle smaointe, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus fondúireachtaí taighde.