Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Frank Power

Buanionadaíocht na hÉireann chuig Comhairle na hEorpa, Strasbourg

Tá an-sásamh le baint ag taidhleoir Éireannach ar bith as a bheith ag obair in Ionadaíocht na hÉirinn chuig Comhairle na hEorpa.

D'fhéadfadh sé nach bhfuil an t-eolas céanna ag daoine ar Chomhairle na hEorpa, atá lonnaithe i Strasbourg, is atá acu ar an Aontas Eorpach nó ar na Náisiúin Aontaithe. Mar sin féin, tá ról an-tábhachtach aici mar chaomhnóir na bprionsabal a bhaineann le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta ar fud na hEorpa. Clúdaíonn 47 comhalta na Comhairle an mhór-roinn ar fad, ón Íoslainn go hAsarbaiseáin, agus iad go léir ag obair as lámha a chéile d'fhonn na luachanna atá againn go léir a chosaint agus a chur chun cinn.

Ní hionann an obair a dhéanann an Ionadaíocht agus an obair a dhéanann a lán d'ambasáidí eile na hÉireann: toisc gur Misean iltaobhach í, bímid ag díriú go heisiach ar obair Chomhairle na hEorpa seachas ar chaidreamh na hÉireann le tír aonair ar leith.

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Strasbourg ag tús na bliana 2015, agus chuir an Chomhairle fáilte roimh an aitheasc uaidh faoina bhfuil in ann do pharlaimintí.

Ar feadh na bliana, cuireadh béim inár gcuid oibre ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus ar an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a ghabhann leis. Tá cur chun cinn chearta an duine ar fud an domhain ina bhunchloch ag beartas eachtrach na hÉireann agus is cúis mhór onóra dom páirt a ghlacadh i dtaobh na mianta sin a chomhlíonadh.

I mo ról ar leith féin mar Leas-Bhuanionadaí na hÉireann, chuidigh mé a chinntiú go bhfuil an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ag feidhmiú mar ba chóir dó. Ina theannta sin, bhí mé ag obair i gcomhar le toscaireachtaí eile chun monatóireacht a dhéanamh ar conas a chuireann na Ballstáit chun feidhme na breithiúnais arna n-eisiúint ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.

D'oibríomar ar raon ceisteanna eile freisin, lena n-áirítear freagraí na Comhairle ar bhagairt na sceimhlitheoireachta agus ar ghéarchéimeanna polaitiúla atá fós ar bun san Eoraip, chomh maith le neartú na n-institiúidí daonlathacha sna Ballstáit.