Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Philip Grant

An tArd-Chonsal, San Francisco

Ba í an bhliain 2015 an ceann ba dhúshlánaí go fóill le linn na tréimhse 25 bliana atá caite agam ag obair don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Táimse i bhfeighil an réigiúin Consalachta is mó dár gcuid, ina bhfuil daonra níos mó ná 75 milliún duine. Is réigiún é a mbaineann tábhachtach ollmhór leis i dtaobh gheilleagar na hÉireann agus i dtaobh cruthú post.

Bhí dlúthcheangal riamh idir muid féin agus Iarthar na Stát Aontaithe. Bhí ról mór ag muintir na hÉireann i leith na ceannródaíochta san iarthar agus tá ag éirí go geal leis na hÉireannaigh san iarthar go fóill. In 2015, bhí cuideachta éigin ar an gCósta Thiar ag bunú gnó nó ag leathnú gnó in Éirinn gach trí seachtaine. Tá an-dul chun cinn á dhéanamh ag fiontraithe Éireannacha in Silicon Valley, agus tá níos mó agus níos mó Éireannaigh óga ag tabhairt faoi ghairmeacha anseo i roinnt de na cuideachtaí is nuálaí agus is fearr a bhfuil ag éirí leo ar domhan.

Comhiarracht atá i gceist má táimid chun na spriocanna infheistíochta, trádála agus turasóireachta a bhaint amach is gá chun téarnamh na hÉireann a dhaingniú. Bím ag obair le foireann iontach comhghleacaithe ó GFT Éireann, Fiontraíocht Éireann agus Turasóireacht Éireann. Bhí sé sin le feiceáil go soiléir sna gnéithe gnó den chuairt stairiúil a thug an tUachtarán ar California i mí Dheireadh Fómhair agus sa dá chlár Aireachta i gcomhair Lá Fhéile Pádraig.

Rinneadh éachtaí eile i dtaobh ratha agus obair foirne i measc na nÉireannach in 2015, agus ba mhór an onóir dom é a bheith in ann cuidiú leo sin.  Bhí mé in Los Angeles i mí Feabhra le Bord Scannán na hÉireann, ag cur chun cinn lucht beochana agus déantóirí scannán na hÉireann a bhí ainmnithe i gcomhair ghradam Oscar. Tá an cháil ar mhuintir na hÉireann gur scéalaithe muid, agus deis a bhí ansin chun dul i mbun na scéalaíochta ar bhealaí nua.  I mí an Mheithimh, tugadh cuireadh dom máirseáil ag tosach Pharáid Mhórtais San Francisco – an ceiliúradh is mó dá leithéid ar domhan – mar aitheantas ar vóta 'Tá' na hÉireann sa reifreann ar an gcomhionannas pósta. I mí Lúnasa, bhí mé ar ais in Los Angeles chun éachtaí iontacha na nÉireannach a fheiceáil ag Cluichí Oilimpeacha Speisialta an Domhain.

Ach, thar aon rud eile, cuimhním ar an bhfreagairt a thugamar ar an tragóid in Berkeley. Tá sé d'ádh orm a bheith ag fónamh ar son na hÉireann i réigiún ina ndéanann na hÉireannaigh a gcion féin agus níos mó. Mar a léiríodh i mBerkeley, níl athrú ar bith tagtha ar an meon sin. Táim buíoch díobh, agus díobh siúd go léir a thug lámh chúnta dár mic léinn agus dá dteaghlaigh. Táim buíoch go háirithe d'fhoireann na Consalachta i San Francisco – dream nach bhfuil barr bua ag aon duine orthu.

Léirigh imeachtaí na bliana 2015 domsa an tábhacht mhór a bhaineann leis an obair a dhéanann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maidir lenár gcuid rannpháirtíochta le heagraíochtaí Diaspóra agus eagraíochtaí pobail agus maidir le cumasú na n-eagraíochtaí sin ionas gur féidir linn tacaíocht a thabhairt dár saoránaigh nuair a theastóidh tacaíocht uathu.