Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Katie Carney

Oifig na bPasanna, Corcaigh

I mí na Nollag 2014, bogadh Rannóg Misean Sheirbhís na bPasanna go dtí an oifig i gCorcaigh. Cuireadh de chúram ormsa an rannóg a bhunú agus a chur faoi shiúl. Is foireann an-ghnóthach muid – in 2015, phróiseálamar breis is 50,000 iarratas ónár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí thar lear, lenar áiríodh níos mó ná 600 iarratas ónár gConsalachtaí Oinigh ar fud an domhain. I measc mo chuid dualgas tá tarmligean na n-iarratas chuig foireann na Misean, a chinntiú go bhfuil duine éigin i bhfeighil Bhosca Poist na Misean i gcónaí, agus na hiarratais a thagann isteach chuig an bhfoireann a chur in ord tosaíochta. Is mise a dhéileálann le haon iarratas casta a thagann tríd an mBosca Poist.

I mí na Samhna 2015, dhréachtaigh mé an chéad Nuachtlitir do na Misin. Cuidíonn an feasachán míosúil sin ár gcomhghleacaithe thar lear a choinneáil ar an eolas faoi athrú ar bith ar bheartais nó nósanna imeachta i leith pasanna, agus tugtar amanna slánúcháin na n-iarratas sa nuachtlitir freisin. Is iontach an bealach í leis na misin a choinneáil ar an eolas faoina bhfuil ar bun san oifig i gCorcaigh chomh maith.

Ar an meán, 12-18 lá oibre a thógann sé orainn na hiarratais a phróiseáil. Sin ón uair a thagann an t-iarratas isteach chugainn i gCorcaigh go dtí céim an cheadaithe. Is féidir leis an obair i Rannóg na Misean a bheith dúshlánach uaireanta, mar gheall ar na criosanna ama éagsúla agus ar bhacainní teanga, ach is breá liom a bheith ag obair anseo. Ní hionann aon dá lá, agus ardán den scoth is ea an rannóg chun caidreamh a chothú le mo chomhghleacaithe thar lear.