Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Trevor Redmond

An Rannóg Dlí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

I Rannóg Dlí na Roinne, bím ag plé den chuid is mó le hábhair a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh, na Náisiúin Aontaithe, an sceimhlitheoireacht agus smachtbhannaí. Bliain ghnóthach eile a bhí againn sa Rannóg in 2015. Bhí ionchur de dhíth maidir le caibidlíocht agus comhaontú tapa i dtaobh Prótacal Breise ag gabháil le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa ar Chosc na Sceimhlitheoireachta, agus maidir le roinnt comhaontuithe nua a bhí á ndéanamh idir an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát agus tríú tíortha lena n-áirítear an Chasacstáin, Ceanada, an Astráil, Comhphobal na hAfraice Thoir agus Comhphobal Forbartha Dheisceart na hAfraice.

Tugadh aird freisin ar thograí a rinne an Ríocht Aontaithe i ndáil le leasuithe áirithe a dhéanamh ar an dlí AE roimh a reifreann ar a Ballraíocht san AE in 2016. Agus mé ag súil leis an dea-thoradh ach ag fáil faoi réir i gcomhair cibé toradh a bheadh ann, ghlac mé páirt i roinnt comhdhálacha inar pléadh na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach.

Ar fud tríocha réimeas smachtbhannaí AE, glacadh breis is 140 gníomh dlí in 2015.  D'fhreastail mé ar chruinnithe rialta den Choiste Idir-Rannach ar Smachtbhannaí, mar aon le cruinnithe den Ghrúpa Smachtbhannaí Relex sa Bhruiséil, ag ar pléadh na gníomhartha dlí sin. I mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna rinne mé ionadaíocht ar Éirinn ag an Séú Coiste (Dlí) de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac agus thug mé ráitis ar an obair a dhéanann an Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta agus ar ábhair ar nós na díolúine a bhíonn ag oifigigh stáit ó dhlínse choiriúil choigríche agus cur chun feidhme sealadach conarthaí.

Mar a bhíonn amhlaidh gach bliain, d'fhág éagsúlacht mhór na hoibre a rinne an Rannóg Dlí in 2015 go rabhamar seasta ag foghlaim, seasta sáite sna hábhair a bhí idir lámha againn, agus beagnach seasta ar ár n-airdeall!