Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Theresa Tuite

An Rannóg Prótacail, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Ceann de na príomhchúraimí atá orm sa Rannán Prótacail is ea bainistiú a dhéanamh ar chreidiúnú Ambasadóirí coigríche chun na hÉireann. Is éard atá i gceist leis sin ná cead a fháil ón Rialtas i leith a gceapacháin (ar a dtugtar 'agrément' ó Choinbhinsiún Vín um Chaidreamh Taidhleoireachta) agus ansin a gcuid searmanas dintiúr a eagrú, ina gcuireann siad i láthair a gcuid litreacha creidiúnaithe chun na hÉireann. Tá 142 tír creidiúnaithe i leith na hÉireann. I gcás 58 tír díobh sin, tá Ambasáidí acu i mBaile Átha Cliath ina bhfuil Ambasadóir ag cónaí, agus is i Londain atá formhór na n-ionadaithe eile bunaithe. 

In 2015, d'eagraigh mé 23 agrément, bhuail mé le 30 Ambasadóir nua, agus d'eagraigh mé 10 gcinn de shearmanais dintiúr. Is iondúil go gcuirtear Ambasadóirí chun na hÉireann ar feadh trí nó ceithre bliana, ach bím gnóthach i gcónaí ag socrú cúrsaí creidiúnaithe don chéad dream eile. Is é an chéad rud a bhíonn le déanamh agam Dréacht-Mheabhrán a ullmhú don Rialtas. Nuair a bhíonn an tAmbasadóir nua ceadaithe ag an Rialtas, eagraím an searmanas ag an gcuireann sé nó sí na dintiúir i láthair Uachtarán na hÉireann. Is iondúil go gcuirim fáilte roimh Ambasadóirí nua ag an aerfort thar cheann an Cheannaire Prótacail. Ócáidí foirmiúla is ea searmanais na ndintiúr, a bhíonn ar siúl ag Áras an Uachtaráin, agus bíonn deasghnátha míleata i gceist leo.  

I gcás na nAmbasadóirí nach mbeidh cónaí orthu sa tír seo, is iondúil go n-eagraím clár cruinnithe dóibh dá gcuairt ar Bhaile Átha Cliath. Déanaim teagmháil le Ranna Rialtais, leis an Oireachtas agus le heagraíochtaí Trádála agus Gairmiúla chun na cruinnithe sin a eagrú. Is maith liom a bheith ag déanamh teagmhála le hAmbasadóirí agus oifigigh ó an-chuid tíortha éagsúla. Cuirim aithne ar a lán Ambasadóirí agus baill foirne Ambasáide ón iomaí tír, rud a bhíonn ina chúnamh agus muid ag eagrú imeachtaí amhail Searmanas Bheannachtaí na hAthbhliana in Áras an Uachtaráin i mí Eanáir agus an Lá Náisiúnta Cuimhneacháin i gCill Mhaighneann i mí Iúil.