Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Neema Shosho

Ambasáid na hÉireann, An Tansáin

Thosaigh mise ag obair leis an Ambasáid in 2015 mar Chomhairleoir Cothaithe. Is é mo ról é tacaíocht theicniúil a thabhairt do Chúnamh Éireann sa Tansáin i dtaobh an ocrais, shlándáil an tsoláthair bhia agus an chothaithe. Bím ag obair leis an rialtas agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta agus áitiúla chun eolas a thabhairt do theaghlaigh faoin dea-chleachtas maidir le beathú leanaí agus daoine óga, amhail beathú cíche sna chéad sé mhí den saol, bianna a ullmhú atá cothaitheach, éagsúil agus a bhfuil fáil orthu sa cheantar áitiúil, agus sláintíocht agus sláinteachas cuí.

Chomh maith leis sin bím ag obair leis an rialtas áitiúil chun neartú a dhéanamh ar a gcuid pleanála, buiséadaithe agus maoirseachta i dtaobh gníomhaíochtaí cothaithe. Is tábhachtach an rud é a chinntiú go ndéantar dóthain infheistíochta i ngníomhaíochtaí cothaithe, ar nós oideachas a chur ar theaghlaigh faoin dea-chleachtas cothaithe agus féachaint le hathrú a dhéanamh ar iompraíocht daoine i dtaobh an chothaithe, agus go gcoinnítear leis na gníomhaíochtaí sin.

Tá mé ag baint suilt as mo chéad bhliain anseo san Ambasáid, go háirithe as an deis a bheith ag obair le foireann éagsúil, agus táim ag tnúth le blianta fada romham ag obair ar son Chúnamh Éireann.