Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Carol Staunton

An Rannóg Trádála, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Thosaigh mé ag obair le Rannóg Trádála na Roinne i mí an Mhárta 2015, agus mé i m'oifigeach deisce i leith an chaidrimh chultúrtha. Is suimiúil an t-aistear oibre atá déanta agam go dtí seo, idir Yeats 150, Bhliain an Dearaidh Éireannaigh 2015, agus an obair ollmhór a bhíonn ar bun thar lear chun cultúr na hÉireann a chur chun cinn. Tá an-léargas faighte agam ar obair bheoga na Roinne.

Is mór an fuadar gníomhaíochtaí atá déanta nó feicthe agam den chéad uair ó thosaigh mé ag obair anseo: an obair ullmhúcháin sa chúlra do Lá Fhéile Pádraig; mo chéad uair ar an raidió, agus mé ag labhairt faoi fhilíocht agus spóirt ar an gclár Arena ar RTÉ 1; a bheith páirteach sa chéad mhalartú faoin scéim Malartú Cultúrtha Uíbh Eachach; a bheith ag obair chun clár Scoláirí Uíbh Eachach a fhorbairt; páirt a ghlacadh sa chéad Scéim Oiliúna do Chéimithe de chuid na Státseirbhíse, agus aithne a chur ar chairde agus ar chomrádaithe nua i ranna Rialtais eile; agus mo chéad uair ar an taobh eile den bhord agallaimh, agus measúnú á dhéanamh agam ar iarratasóirí éagsúla ar scoláireachtaí le comhghleacaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus ó ambasáidí áitiúla.

Ach ba é buaicphointe na bliana domsa é gan dabht an deis a bheith agam bualadh leis an oiread comhghleacaithe spreagúla iontacha. Léargas den scoth is ea an fháilte chroíúil agus an treoir chineálta uathu ar mheon na Roinne... agus ar a cur chuige i leith na hearcaíochta!