Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Aoife Murphy (An Ambasáid i Mapútó)

I mo ról mar Intéirneach Gairmiúil Sóisearach san Ambasáid i Mósaimbíc, tacaím le cur chun feidhme ceann de na cláir is mó de chuid Chúnamh Éireann, faoina mbímid ag obair i réimse na sláinte, an oideachais, an athraithe aeráide agus réimsí ríthábhachtacha eile.

Is tapa mar a théann cúrsaí chun cinn san Ambasáid ach áirítear le mo chúraimí laethúla bualadh le comhpháirtithe na gclár, monatóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus an chumarsáid a bhainistiú. Bhí bliain an-ghnóthach againn in 2016 mar gheall ar an drochthriomach a bhuail cuid mhór den Afraic Theas. I mí na Bealtaine, thug mé cuairt ar Inhambane, cúige atá ar an gcósta ó thuaidh ón bpríomhchathair, chun cabhrú le meastóireacht a dhéanamh ar an obair atá ar bun i ndáil le slándáil bia agus cothú. Ba léir gur ghoill an triomach go trom ar an réigiún: scriosadh acmhainn na ndaoine chun iad féin agus a dteaghlaigh a chothú de bharr gur chlis ar na bairr agus go raibh easpa uisce shábháilte ann. Chuidigh an mheastóireacht le Cúnamh Éireann freagra tráthúil a thabhairt agus an clár a choigeartú chun tacú leo siúd a bhí i gcruachás. 

Rud eile ar bhain tábhacht leis domsa in 2016 is ea an mhaoirseacht a rinne mé ar thionscadal oideachais a bhí dírithe ar fheabhas a chur ar scileanna litearthachta i measc leanaí bunscoile. Ba mhór agam an deis a bheith agam a bheith páirteach sa phróiseas sin ón oiliúint tosaigh ar na múinteoirí go dtí na trialacha ag deireadh na bliana, tráth a chonaiceamar go raibh feabhas nach beag tagtha ar na scóir litearthachta.

Bhí de d'ádh orm freisin a bheith in ann páirt a ghlacadh san obair níos leithne a dhéanann an Ambasáid nuair a ghlac mé ról ceannais maidir le himeachtaí a eagrú chun comóradh a dhéanamh ar 1916. Bhí an-áthas orainn gur thug Liz Gillis, an staraí Éireannach, cuairt orainn. Labhair sise óna croí faoi imeachtaí na bliana 1916 i gcomhthéacs an taispeántais Portraits and Lives, inar cuireadh scéal fhir agus mná an Éirí Amach i láthair an lucht féachana i Mósaimbíc. Ba é sin an chéad uair agam ag eagrú imeacht cultúir agus b'ócáid é a gcuimhneofar uirthi ar feadh i bhfad agus inar éirigh linn cultúr na hÉireann a chomhroinnt le lucht féachana leathan.