Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Brian Maxwell (Oifigeach Slándála/Seirbhíse)

Thosaigh mise ag obair sa Roinn i mí Dheireadh Fómhair 2016. Chuimhnigh mé orm féin sular ghlac mé leis an bpost, ach tá áthas orm anois a bheith ag obair anseo. Ní raibh sé i bhfad gur thuig mé gur mó i bhfad atá i gceist le bheith ag obair mar Oifigeach Seirbhíse ná mar a cheapfá ar dtús. Ní féidir a bheith cinnte choíche cá bhféadfá a bheith ag obair – tá an post tugtha amach agam, bhí mé ag obair ar an deasc fáilte sna hoifigí i dTeach Uíbh Eachach agus i Sráid Haiste, agus is i Sráid Chluain Meala a bhím ar dualgas faoi láthair. Níor thug mé seal oibre fós in Oifig na bPasanna i Sráid an Mhóta ná i mBaile Brigín ach tá tríocha bliain nó mar sin romham chuige sin! 

Seachas an obair shlándála ó lá go lá, cúnamh foirne agus dáileadh an phoist, bhí mé ag obair luath ar maidin, déanach san oíche agus thar an deireadh seachtaine ag freagairt glaonna ar an líne theileafóin éigeandála lasmuigh d'uaireanta oibre, agus bhí mé ag obair lenár gcuid Oifigeach ar Dualgas ar roinnt cásanna an-tromchúiseach.

Le déanaí, thosaigh mé ag oscailt agus ag glasáil Shráid Chluain Meala, á chinntiú go mbíonn na doirse ar oscailt agus na soilse air nuair a thagann na baill foirne eile isteach, agus ag féachaint chuige nach nglasálaim isteach duine ar bith tráthnóna!

Táim an-bhuíoch den dream Oifigeach Seirbhíse eile agus de na baill foirne eile a thacaíonn liom agus a bhíonn thar a bheith foighneach. Bhí mo chúraimí ag luí go trom orm an chéad uair ar fágadh liom féin mé chun tabhairt faoin obair, ach níl cúrsaí ina gcíor thuathail agam go fóill!

Táim an-bhródúil as a bheith ar an gcéad dhuine a fheicfear agus daoine ag bualadh isteach chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus tá súil agam gur aoibh an gháire a bheidh orm rompu. Tá súil agam leanúint ar aghaidh ag déanamh mo chuid chun cabhrú le mo chomhghleacaithe sa Roinn agus leis an bpobal an bhliain seo chugainn agus ar feadh blianta romhainn.