Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Elizabeth Coyle (An Ambasáid in Canberra)

Tá 38 bliana tugtha agamsa anois ag obair leis an Ambasáid in Canberra agus bhí sé ina phribhléid mhór agam i rith an ama sin a bheith i mo chuid d'fhoireann iontach, anois agus san am atá caite, a chonaic na hathruithe móra atá tagtha ar chúrsaí le himeacht na mblianta. 

Tá Ambasáid na hÉireann in Canberra creidiúnaithe freisin i leith na Nua-Shéalainne, Fhidsí, Oileáin Sholomón agus Nua-Ghuine Phapua.

Is iomaí ról éagsúil inar fhóin mé le linn na mblianta sin agus chonaic mé le mo shúile féin an meas mór atá ag an bpobal Éireannach ar an Misean seo.

Faoi láthair táim i mo Chúntóir Feidhmiúcháin don Cheann Misean agus tugaim cúnamh i dtaobh gníomhaíochtaí cultúrtha freisin. Tá éagsúlacht cúraimí agus dualgas orm, idir thacaíocht riaracháin a sholáthar don Ambasadóir agus ár gceiliúradh bliantúil i gcomhair Lá Fhéile Pádraig a eagrú. Ócáid mhór is ea an fhéile sin i bhféilire na hAmbasáide.

Ba bhliain thábhachtach í 2016 don Ambasáid agus muid á cheiliúradh go raibh caidreamh taidhleoireachta idir Éire agus an Astráil le 70 bliain anuas. Chuige sin, seoladh taispeántas grianghrafadóireachta ar líne agus cuireadh sraith ceolchoirmeacha ar bun ag Áras an Ambasadóra ag a raibh taibhseoirí Éireannacha ar an stáitse.