Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Fearghal Ó Maolagáin (An tAonad um Shlándáil, Comhordú agus Comhlíonadh)

A chairde, beatha agus sláinte. Nuair a ceapadh mise i m'Oifigeach Gaeilge i mí Aibreáin 2016, b'in é an chéad uair a ceapadh oifigeach lánaimseartha sa ról sin sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. A bhuí le Breandán Ó Caollaí, a tháinig romhamsa, agus na daoine go léir a bhí ag fónamh roimhe siúd, bhí dea-bhail ar chúrsaí Gaeilge sa Roinn nuair a ceapadh mé. Tá Coiste Gaeilge láidir againn, ar a bhfuil ionadaithe ó gach cearn den domhan, agus tá ard-leibhéal líofachta ar fud líonra na nAmbasáidí. 

Cé gur leis an gcomhlíonadh a bhaineann príomhfheidhm an róil, tá scóip ann freisin chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn trí imeachtaí oiliúna agus imeachtaí sóisialta. I measc bhuaicphointí na chéad bhliana agam anseo bhí Carúil na Nollag agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, ina ndearnadh ceiliúradh ar ár dteanga agus ár gcultúr trí mheán an cheoil, an phróis agus na filíochta. B'iontach an rud é an tAire Stáit McHugh agus an tArd-Rúnaí Burgess a fheiceáil ag freastal ar na himeachtaí sin agus ag tacú leo.

Agus mé ag coinneáil suas leis an reachtaíocht agus na beartais a bhaineann leis an nGaeilge, agus á chinntiú go gcomhlíonann an Roinn a cuid oibleagáidí ina leith sa bhaile agus thar lear, bhain mé an-tairbhe as imeachtaí na bliana, dúshláin agus uile. Táim ag tnúth leis an rannpháirtíocht le mo chomhghleacaithe sa tréimhse atá romhainn agus a spéis sa Ghaeilge a mhúscailt. Ní neart go cur le chéile!