Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Laura Leonard (An Rannán um Chomhar Forbartha)

I mo phost mar Leas-Stiúrthóir san Aonad Measúnachta agus Iniúchóireachta tá post thar a bheith éagsúil agus gnóthach agam, ag obair ar thascanna iniúchóireachta inmheánaí agus ar chúraimí meastóireachta. 

I measc bhuaicphointí na bliana 2016 domsa bhí mo ról ag treorú na measúnachta ar chlár na Roinne i Vítneam, Laos, sa Chambóid agus i Maenmar.  Sa mheasúnacht sin, breathnaíodh siar cúig bliana agus bhíomar in ann a dhearbhú gur éirigh go geal leis an gclár agus go bhfuil an-chuid éachtaí bainte amach go dtí seo.  Rud is tábhachtaí fós, chuir an mheasúnacht bonn eolais straitéiseach ar fáil maidir leis an gcinnteoireacht i gcomhair na hoibre a dhéanfaidh Éire feasta maidir le Vítneam agus an réigiún sin.

Is éard atá i gceist le hiniúchadh inmheánach ná cuidiú leis an Roinn a cuspóirí a bhaint amach trí mheasúnacht a dhéanamh ar na córais rialachais, bainistíochta riosca agus rialaithe, agus moltaí feabhsúcháin a dhéanamh ina leith de réir mar is cuí.  Leis an Iniúchadh Inmheánach, tugtar dearbhú neamhspleách oibiachtúil don Ard-Rúnaí, ina cháil mar Oifigeach Cuntasaíochta, maidir le leordhóthanacht agus éifeachtacht fhoriomlán chreat na Roinne i leith na gcóras sin. 

Chomh maith leis na córais a iniúchadh, cuirimid comhairle ar chomhghleacaithe linn freisin ionas gur lú an seans go dtiocfaidh fadhbanna i gceist.

Is é an ghné is fearr a bhaineann le mo phost a bheith ag obair le comhghleacaithe ar fud na Roinne agus ar fud an domhain.