Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Nuala Ní Mhuircheartaigh (An Buanmhisean chuig na Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv)

In 2016 cuireadh mé chuig misean na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv, áit a bhfuil cuid mhór den obair a dhéanaimid dírithe ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus a fochuideachtaí.

Bhí Éire ina ball den Chomhairle um Chearta an Duine go dtí mí na Nollag 2015 agus tá ról gníomhach fós againn sa chaibidlíocht go léir mar bhreathnóirí.  In 2016, mholamar rún faoi spás na sochaí sibhialta, ag obair lenár gcomhpháirtithe, an tSile, an tSeapáin, Siarra Leon agus an Túinéis. Sa rún sin, leagtar síos an dea-chleachtas faoinar féidir le Stáit timpeallacht shábháilte, chumasaithe a bhunú agus a chothú don tsochaí shibhialta. Tá an obair chuiditheach sin, ar bhonn tras-réigiúnach, ar cheann de na gnéithe suaithinseacha den ról atá againn anseo.

Ina theannta sin, chuidíomar le rúin thábhachtacha a ghlacadh, lena n-áirítear, mar shampla, Coimisiúin Fiosrúcháin a bhunú nó a athnuachan ar an tSiria agus an mBurúin; misin chun eolas a bhailiú nó misin eile dá samhail i Maenmar agus sa tSúdáin Theas, agus obair leanúnach a bhaineann le Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré.  Faoi shásraí den sórt sin, déantar obair thábhachtach maidir le doiciméadú a dhéanamh ar sháruithe agus an bhunobair a leagan síos i leith na cuntasachta sa todhchaí, ach diúltaíonn roinnt Stát d'aon obair a bhaineann le tír ar leith ar an mbunús go mbaineann gné pholaitíochta léi.  Chun cur ina choinne sin, in 2016 thugamar ráiteas ag an gComhairle thar ceann 32 tír inar leagadh amach critéir trína bhféadfaimid a chinntiú go ndéanfar breithniú comhsheasmhach, neamh-roghnach ar chásanna tíortha ar leith.  Tá toradh ag teacht de réir a chéile anois ar na prionsabail ar a dtugtar 'prionsabail na hÉireann' agus b'fhéidir, le himeacht ama, go mbeidh siad ina gcúnamh ó thaobh cur chuige nua a cheapadh i ndáil leis an bplé a dhéanaimid ar na ceisteanna conspóideacha sin.

Baineann cuid de mo ról le scrúduithe ar theist na hÉireann i gcóras na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine.  I rith 2016, rinneadh athbhreithniú ar Éirinn san Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann, próiseas ar leith trína ndéantar athbhreithniú poiblí ar chosaint chearta an duine i ngach Stát ar bhonn rialta.  Tar éis próiseas fada ullmhúcháin sa bhaile, faoi stiúir an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, rinneadh athbhreithniú foirmiúil ag an gComhairle sa Ghinéiv i mí na Bealtaine.  Fuair Éire 262 moladh ó Stáit eile maidir le conas feabhas a chur ar an gcosaint a thugann an tír seo do chearta an duine, agus glacadh lena bhformhór mór. Beifear ag súil leis anois go gcomhlíonfaimid na gealltanais atá tugtha againn agus go dtabharfaimid tuairisc do na Náisiúin Aontaithe maidir lena gcur chun feidhme.

Tá ár ndúshlán á chur, rud is ceart agus is cóir. Is iad áilleacht agus dúshlán chearta an duine nach mbíonn deireadh choíche leis an bpróiseas – bíonn an deis i gcónaí ag gach Stát cúrsaí a fheabhsú a thuilleadh.  Is mór an phribhléid é a bheith ag obair gach lá leis an bhfoireann um chearta an duine, faoi stiúir ár nAmbasadóra, ar mhaithe leis na luachanna cearta daonna atá i gcroílár ár mbeartais eachtraigh – bímid ag spreagadh Stáit eile chun feabhas a chur ar a dteist féin, á gcoinneáil cuntasach nuair nach gcomhlíonann siad a gcuid oibleagáidí, agus ag súil leis go gcaithfidh tíortha eile linn féin ar an gcaoi cheannann chéanna.  Ní bhíonn corraíl ná iomrá mór ag baint le formhór na hoibre seo ó lá go lá, ach ní gá dúinn ach siúl síos na hallaí sa Páláis des Nations – áit a bhfuil na Náisiúin Aontaithe lonnaithe agus ina mbíodh Conradh na Náisiún tráth – chun meabhrú dúinn féin céard is féidir tarlú nuair a chliseann ar na hiarrachtaí sin.

Mar sin, tríd is tríd, bliain ghnóthach eile a fhanfaidh buan i mo chuimhne arbh ea 2016 i mo shaol gairmiúil (agus i mo shaol pearsanta, toisc gur rugadh an dara leanbh dom!)