Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Claire Coughlan (An Rannán um Chomhar Forbartha)

Ba bhliain thar a bheith gnóthach agus spéisiúil í 2016 i mo chás féin. Mar bhuaicphointe, bhí an deis agam páirt a ghlacadh in dhá bhabhta oibre ghearrthéarmacha sa Tuirc agus i Vítneam chun tacaíocht a thabhairt do chuairteanna a thug an tUachtarán Ó hUigínn ar na tíortha sin.

I mo phríomhról laistigh den Rannán um Chomhar Forbartha, bím ag obair in oifig an Ard-Stiúrthóra, áit a dtugaim tacaíocht don Ard-Stiúrthóir agus a fhéachaim chuige go mbíonn an Oifig ag feidhmiú go héifeachtach éifeachtúil. Is ról thar a bheith suimiúil é sin agus bíonn an deis agam freisin dul i gcomhairle le comhghleacaithe laistigh den Rannán féin agus ar fud na Roinne. In 2016, anuas ar dhualgais na hoifige ó lá go lá, d'eagraigh mé deich dturas thar lear don Ard-Stiúrthóir, lena n-áirítear turais leis an Ard-Rúnaí agus leis an Aire Stáit, agus rinne mé comhordú ar na doiciméid faisnéise. D'eagraigh mé 22 cruinniú den Ghrúpa Ardbhainistíochta i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath freisin.

In 2016 ghlac mé páirt sa phróiseas comhairliúcháin a bhí ag an Rannán seo maidir le seoladh an láithreáin nua ríomhthaiscthe agus is mise pointe teagmhála an Rannáin ina leith anois. Braithim go bhfuil an córas thar a bheith éifeachtach, go háirithe toisc go bhfuil oifigí againn i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach.

Ag an Deasc Breathnadóireachta Toghcháin, in 2016, rinne mé maoirseacht ar 68 tasc (14 bhreathnóir fhadtéarmacha agus 24 breathnóir gearrthéarmach) in 16 thír éagsúla (10 misean de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus 6 mhisean chuig an Aontas Eorpach).

Buaicphointe eile in 2016 arbh ea cur i gcrích mo chéad Mhisin Breathnóireachta Toghcháin chuig Gána leis an Aontas Eorpach i mí na Nollag, misean ar fhoghlaim mé go leor dá bharr.

Fuair deich gcinn d'Ambasáidí agus de Chonsalachtaí san iomlán maoiniú faoi Scéim na Micrithionscadal Inmheánach Tíre in 2016, agus caitheadh díreach faoi bhun €300,000 orthu san iomlán. Tacaíonn an scéim sin le heagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla agus iad ag gabháil do thionscadail forbartha ar scála beag. Ba é mo ról féin ná dul i gcomhairle leis na hAmbasáidí agus na Consalachtaí thar lear lena chinntiú go gcaithfí iomlán a leithdháiltí buiséid agus go raibh a gcuid tionscadal ag cloí le treoirlínte na scéime.