Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Emer Deane (An Bhuanionadaíocht sa Bhruiséil)

Táimse i gceannas ar Aonad an Bhreatimeachta ag misean taidhleoireachta na hÉireann (an Bhuanionadaíocht) chuig an Aontas Eorpach. Féachann m'aonad chuige go dtuigtear an chaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go dtacaítear léi i measc príomhghníomhaithe in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus i measc oifigeach ó thíortha eile an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil atá ag gabháil don cheapadh beartais mar fhreagairt ar an mBreatimeacht laistigh dá rialtais féin. 

Leis an Ambasadóir Declan Kelleher, tá m'aonad freagrach as idirghníomhaíocht na hÉireann le Tascfhórsa Airteagal 50 an Choimisiúin Eorpaigh faoi stiúir Michel Barnier. Bhunaigh an Chomhairle Eorpach an Tascfhórsa chun dul i mbun na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe maidir leis na socruithe a bhaineann le himeacht as an Aontas Eorpach, faoi dhlúth-threoir pholaitíochta ó cheannairí an Aontais Eorpaigh, an Taoiseach ina measc.

D'oibrigh an t-aonad go dian díograiseach sa Bhruiséil chun cuidiú lena chinntiú go n-aithnítear cás ar leith na hÉireann i measc comhpháirtithe eile san Aontas Eorpach, agus d'éirigh go geal leis san obair sin. 

Ós rud é go mbeidh tionchar an Bhreatimeachta le brath in a lán earnálacha éagsúla in Éirinn, baineann m'aonad leas as an saineolas atá ag gach ceann de na Ranna Rialtais maidir leis na hábhair a bhaineann leis an gcaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.  Soláthraímid faisnéis do pháirtithe leasmhara eile sa Bhruiséil freisin, téimid i gcomhairle leo agus comhroinnimid smaointe leo. Ina measc siúd tá Feisirí na hÉireann i bParlaimint na hEorpa, baill de Choiste na Réigiún agus de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus toscaireachtaí ó Éirinn a thugann cuairt orainn, chomh maith lena lán de na meáin idirnáisiúnta a bhfuil oifigí acu sa Bhruiséil.